Cló Mhaigh Eo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCló Mhaigh Eo
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreLitríocht na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinleabhar.com Cuir in eagar ar Wikidata
Conchubhar Mac Neasea - Mac Fhionnlaoich

Comhlacht foilsitheoireachta Éireannach as Clár Chlainne Mhuiris, Mhaigh Eo is ea Cló Mhaigh Eo a fhoilsíonn leabhair Ghaeilge.[1] Colmán Ó Raghallaigh agus a bhean a bhunaigh é.[2]

Foilsíonn Cló Mhaigh Eo leabhair Ghaeilge do pháistí agus do dhaoine óga, agus úrscéalta grafacha i nGaeilge. Tá Colmán Ó Raghallaigh ina stiúrthóir ón mbliain 1995 agus is múinteoir é féin agus a bhean.

Foilsíonn an comhlacht idir ceithre agus sé leabhar chuile bhliain is faigheann an comhlacht tacaíocht ó Bhord na Leabhar Gaeilge.

Gaiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Cló Mhaigh Eo an chéad leabhar do pháistí i mBéarla nó i nGaeilge as Éirinn a raibh dlúthdhiosca inléite do-athraithe leis.

D’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo an chéad úrscéal grafach Éireannach, An Sclábhaí. Seo an chéad cheann de shraith shamhlaíoch ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann. Moltar an comhlacht as ardchaighdeán ealaíne agus dearaidh sna leabhair.

Ruairí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá carachtar dúchasach Gaeilge curtha i mbéal an phobail acu, is é sin Ruairí, agus tá breis agus 5,500 cóip de Drochlá Ruairí díolta idir an leabhar clóite agus an leagan leictreonach a cuireadh amach le Fios Feasa. Tá breis agus 5,000 de na leabhair eile faoi Ruairí díolta freisin, an ceann nua, Ruairí san Ospidéal, san áireamh.

Leabhair atá foilsithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Sclábhaí (2001)
  • An Teachtaire (2003), maisithe ag Tomm Moore, a rianaíonn scéal Naomh Pádraig.
  • An Tóraíocht (2002), maisithe ag Paul Young. Scéal faoi Ghráinne, Fhionn mac Cumhaill, agus Dhiarmaid.
  • An Táin (2006), maisithe ag Barry Reynolds, ina ndéanann Méabh Chonnacht ionradh ar Uladh leis an tarbh Donn Cuailnge a ghoid, agus Cú Chulainn ina coinne.
  • Deirdre agus Mic Uisnigh (2008), maisithe ag Barry Reynolds.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá suíomh gréasáin Cló Mhaigh Eo le fáil ag: www.leabhar.com

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cló Mhaigh Eo". gnomhaigheo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-10. Dáta rochtana: 2020-07-10.
  2. "Cló Mhaigh Eo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-10.