Eoghan Cóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóEoghan Cóir
Cineáldán

Amhrán scríofa ag Riocard Baireád (1740–1819) is ea Eoghan Cóir.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

1.

Nach é seo an scéal deacrach sa tír seo,
In anacair chroí agus bróin,
Ó fhagas sé Creagán an Líne
Go dté sé go dtí an Fál Mór
A leithéid de screadadh 's de chaoineadh
Níor cluineadh sa tír seo fós,
Cé nach bhfuil again aon ionadh
Ó cailleadh, faraor! Eoghan Cóir.


2.

Bhí gnaoi agus gean ag gach n-aon air,
An seanduine críon 's an t-óg,
Bhí an saibhir 's an daibhir I ngrá leis
Mar gheall ar a chroí maith mór;
Le togha agus rogha na tíre
Do chaitheadh sé píosaí óir
Is le daoine bocht' eile níor spíd leis
Buidéal on síbín d'ól.


3.

Tá Antaine Ó Gabhain ag caoineadh
'S ní bheidh Seán Ó Baoill I bhad beo,
Ó cailleadh a gcaraid sa tír seo
'Sé d'fhága a gcroí faoi bhrón;
In anacair chatha níor síneadh,
'Sé mheasaim, faoi liag ná fhód
Aon neach ba mheasa don dís seo
Ná an duine bocht maol Eoghan Cóir.

4.

Ba rómhaith ag tógáil an chíos' é
Ba bheag aige mí nó dhó
Go ndíoltaí an bhó ar an aonach
Nó an giota do bhíodh sa seol.
'Sé dúirt Séamas Pheadair Mhic Riabhaigh,
Is é ag agairt ar Rí na nDeor –
De réir mar bhí seisean le daoine
Gurb amhlaidh bheas Críosta dhó.


5.

Aon agus seacht insa líne
Agus oct do cuir síos faoi dhó
Trath ghlac seisean cead lena dhaoine,
Agus níor labhair sé gíog níos mó.
Tá sé go dearfa scríofa
Gur talamh is críoch gach beo
Is chomh fada is bheimid sa saol seo
Ca miste dhúinn braon beag d'ól.