Jump to content

Rialtas na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRialtas na hÉireann
Sonraí
Cineálrialtas Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Úinéir de
Codanna

Suíomh gréasáinhttps://www.gov.ie/
5 scilling, 1922

De réir Bunreacht na hÉireann, is gá le níos mó ná 7 mball agus gan níos mó ná 15 ball a bheith i Rialtas na hÉireann. Is grúpa Airí sinsearacha é an Rialtas atá freagrach as cumhacht fheidhmeannach an Stáit. Cialaíonn sé seo go gcaithfidh an Rialtas dlíthe na tíre a chur i bhfeidhm. Déanann an Rialtas cinneadh maidir le polasaithe agus bíonn freagrachtaí tábhachtacha eile orthu freisin. Tagann an Rialtas le chéile agus feidhmíonn sé mar údarás aontaithe agus tá chomhfhreagracht ar na baill i dtaobh ranna uilig an Stáit. Úsáidtear an téarma "Comh-aireacht" nó "Coiste Gnóthaí" anois agus aríst nuair a bhíonn an Rialtas i gceist. Is faoi rún a dhéantar plé ar ábhair ag cruinnithe den chomh-aireacht. Bíonn an Rialtas aontaithe ar pholasaithe agus ní mór do na hairí ar fad tacaíocht phoiblí a thabhairt do na polasaithe agus na cinnithe móra atá ag an Rialtas.

armas, an Uachtarán

Tá an Taoiseach i gceannas an Rialtais. Is é an té a fhaigheann tacaíocht ó thromlach na mball sa Dáil an Taoiseach. Cuireann an Dáil a hainm nó a ainm ar aghaidh agus glacann an tUachtarán go foirmiúil leis an ainmniú. Ainmníonn an Taoiseach, ansin, baill eile den Rialtas agus tugann Roinn Stáit dóibh. Faigheann siad seo tacaíocht na Dála agus glacann an tUachtarán leis an gceapachán.Tá sé de chumhacht ag an Taoiseach airí a chur as a bpost má bhíonn cúis mhaith aige/aici. Má tá níos mó ná páirtí polaitiúil amháin sa Rialtas tugtar Comhrialtas ar an gcineál seo Rialtais. Roinneann na páirtithe na postanna sa Rialtas - de ghnáth tugtar post an Tánaiste do cheannaire an dara pháirtí is mó sa chomhrialtas. Ní mór do bhaill an Rialtais a bheith ina mbaill de Dáil Éireann nó ina mbaill de Sheanad Éireann. Ní féidir níos mó ná beirt bhall de Sheanad Éireann a bheith ina mbaill den Rialtas. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais a bheith ina mbaill de Dháil Éireann.

Is féidir leis an Taoiseach Airí Stáit a roghnú freisin, ainm eile a thugtar orthu ná Airí Sóisearacha. Ní baill den chomh-aireacht iad ach cuidíonn siad leis na hAirí Rialtais ina gcuid oibre Rialtais agus ina gcuid oibre sa Roinn atá faoina gcúram. Roghnaíonn an Taoiseach Ard-Aighne, freisin, chun comhairle dlí a chuir ar fáil don Rialtas. Ní ball den Rialtas An tArd-Aighne ach de réir traidisiún déanann sé/sí freastal ar chruinnithe den chomh-aireacht.

De réir Bhunreacht na hÉireann, tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Mar sin bíonn an Rialtas in oifig an fhad agus atá tacaíocht tromlach na dteachtaí i nDáil Éireann aige. Má chailleann an Taoiseach tacaíocht tromlach na Dála, ní mór dó/dí éirí as a p(h)ost nó iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a lánscoir. D'fhéadfadh sé seo tarlú i gcás comhrialtais nach mbeadh in ann comhoibriú lena chéile a thuilleadh. Má dhéantar an Dáil a lánscoir, tá olltoghchán ann. Tar éis an ollthoghcháin ní mór go mbeadh tacaíocht tromlach na dteachtaí sa Dáil nua ag an té a ainmnítear mar Thaoiseach.