Raoul Duke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarRaoul Duke
Cineálduine ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agHunter S. Thompson Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agJohnny Depp Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharFear and Loathing in Las Vegas agus Fear and Loathing in Las Vegas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathatuairisceoir agus caimiléir Cuir in eagar ar Wikidata
Riocht leighisnon-controlled substance abuse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Johnny Depp, mar Raoul Duke.

B'é Raoul Duke an t-ainm cleite a d'úsáid Hunter S. Thompson don charachtar bunaithe air sa leabhar Fear and Loathing in Las Vegas. Scríobhadh Fear and Loathing faoin ainm cleite seo, agus d'úsáid Thompson é ar chuid dá chuid alt a scríobh sé níos déanaí.

Frithmhise Thompson[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is príomhcharachtar é Duke i roinnt scéalta, úrscéalta agus alt Thompson. Go leor den am tá Duke ag glacadh páirt in eachtraí a tharla i saol Thompson. Léirítear é mar fhear ait agus héadónaí le handúil aige i go leor drugaí agus fuath mór aige ar chreidiúintí Mheiriceá coimeádach. Bíonn sé de shíor faoi thionchar pé drugaí atá ar fáil, ar nós cannabas, LSD, ether, Mescaline, cócaon agus fiú aidréanailín duine. De ghnáth tógann sé na substaintí sin i gcomluadar a aturnae Dr. Gonzo, Meicsiceach atá leath as a mheabhair. (Tá Dr. Gonzo bunaithe ar chara le Thompson, dlíodóir cearta daonna Oscar Zeta Acosta).

Luann Thomspson Duke don chéad uair ina leabhar Hell's Angels a scríobh sé sa bhliain 1966. Cuirtear síos ar Duke mar eisreachtaí atá "that extra 'something,'" aige, a chiallaíonn go bhfuil sé in ann an dlí a bhriseadh, ach i mbealach nach gcuireann isteach ar an sochaí. Ligeann sé seo do Duke bheith inghlactha sa sochaí sin.

Go minic sé fáth carachtar Duke ná chun tuairimí agus smaointí a rá, nach mbeadh Thompson ábalta é féin. De réir Thompson, tháinig inspioráid don ainm ó Raúl Castro(deartháir Fidel Castro) agus leasainm John Wayne, "The Duke". Is dócha gurb é an bunús a bhí ag an ainm cleite ná chun úsáid agus Thomspon ag seiceáil isteach in óstáin mar a tharla in Fear and Loathing.

D'úsáid Thompson Duke chun labhairt faoi féin. Mar shampla, tar éis timpiste bóthair bhí ar Thompson seal a chaitheamh i seomra dí-chomhbhrú, agus scríobh sé litir faoin ainm chleite ag cur síos ar a mhire sa seomra. Foilsíodh an litir i Rolling Stone i 1973.

In mbailiúchán alt scríobhtha ag Thompson darbh ainm The Great Shark Hunt tagann ainm Raoul Duke chun cinn i roinnt aistí a foilsíodh i nuachtáin agus irisí. Ina measc bhí an "Police Chief", ailt a foilsíodh in Scanlan's Monthly i Mí Meitheamh. San alt sin is póilín é Duke atá éirithe as a phost agus scríobhann sé isteach ag "Police Chief Magazine" ag gearrán faoin nganntanas ar "real weaponry" sa fórsa. Síníodh an t-alt "Raoul Duke (Master of Weaponry)".

In Fear and Loathing: On the Campaign Trail '72, déanann Thompson cur síos ar Duke mar dhuine de na t-aon iriseoirí oibiachtúla. "A pompous contradiction in terms" a thugann Thompson ar oibiachútlacht hiriseoreachta.

I meáin eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá an carachtar Uncle Duke sa ghreannán Doonesbury bunaithe ar Raoul Duke.
  • Liostáileann Rolling Stone "Raoul Duke (Sports)" faoi theideal eagarthóirí an iris.
  • Sa scannán "rom com" Never Been Kissed, feictear beirt dalta gléasta mar Raoul Duke agus Dr. Gonzo ag cósúir le téama culaithe bhréige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]