Aigéad líseirgeach dé-eitilimíde
Jump to navigation
Jump to search
Siabhraigin, druga coitianta mí-úsáide sna 1960idí-1970idí is ea Aigéad líseirgeach dé-eitilimíde (LSD). Thógtaí i bhfoirm micreaphoncanna é, agus thugtaí ‘aigéad’ air. I 1943 tháinig an ceimicí Eilvéiseach Albert Hoffman (1906-2008) ar iarmhairt chumasach an druga nuair a thóg dáileog de i rith a chuid oibre i gcomhlacht Sandoz. Mhol síceolaithe áirithe an druga mar chabhair i sícteiripe. Chuir an síceolaí cliniciúil Timothy Leary (1920-1996) mí-úsáid an druga chun cinn go mór, agus briseadh as a phost in Ollscoil Harvard é mar gheall air i 1963.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |