Siabhraigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Druga a spreagann siabhránacht, cosúil le deannach na n-aingeal, aimíd dé-eitile aigéid liséirgigh (LSD), beacáin draíochta, agus meascailín (péóité). Ainm eile orthu is ea drugaí sícideileacha. Tá cuid acu a fhaightear sa nádúr is a bhíodh in úsáid i seanleighis is searmanais reiligiúnda ón seaman, cuid eile in úsáid go neamhdhleathach, go forleathan sna 1960idí-1970idí.