Páirtí Dlí agus Cirt (an Pholainn)
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | coimeádachas náisiúnta Polish nationalism (en) frithchumannachas solidarism (en) státachas pobalachas ar an eite dheas Eoraisceipteach economic nationalism (en) coimeádachas sóisialta Christian right (en) | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite dheis | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Solidarity Electoral Action (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 13 Meitheamh 2001 | ||||
Bunaitheoir(í) | Lech Kaczyński, Jarosław Kaczyński agus Ludwik Dorn | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | European Conservatives and Reformists Group (en) | ||||
Ballraíocht | 45,000 (2021) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú |
| ||||
Uachtaránacht | Jarosław Kaczyński (2003–) | ||||
Ógeagraíocht | Law and Justice Youth Forum (en) | ||||
Sejm of the Republic of Poland (en) (2023) | 161 / 460 | ||||
Parlaimint na hEorpa (2019) | 24 / 720 | ||||
Seanad na Polainne (2023) | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | http://www.pis.org.pl | ||||
Páirtí polaitíochta sa Pholainn is ea Prawo i Sprawiedliwość, an PiS nó Páirtí Dlí agus Ceart, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhí an PiS i gcumhacht idir 2015-2023 faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski. Le linn an ama sin, bheadh ar an bPiS comhoibriú le Konfederacja, páirtí polaitíochta eile i bhfad amach ar an eite dheis, a bhfuil cuid dá cheannairí antoisceach go leor agus báúil leis an Rúis. Mar sin mhúscail polasaithe an rialtais le linn a thréimhse in oifig a lán amhrais – an reitric náisiúnaíoch, an teannas leis an Aontas Eorpach agus leis an nGearmáin agus thar aon rud eile, géilleadh do shruth coimeádach ar leith san Eaglais Chaitliceach.[1]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Faoi pháirtí an PiS, cuireadh deireadh de réir a chéile le go leor de na srianta agus na cosaintí a bhíodh ann ionas go raibh smacht níos mó ag an bpáirtí ar institiúidí an stáit – na cúirteanna, na meáin phoiblí agus an próiseas toghcháin féin. Bhí an PiS ag iarraidh na meáin phoiblí agus na cúirteanna a chur faoi smacht.[2]
- Ó 2021, d'éirigh na dlíthe sa Pholainn maidir leis an nginmhilleadh níos déine ná i bhformhór thíortha na hEorpa.
- Cháin lucht feachtais LADT agus comhshaoil an páirtí chomh maith mar gheall ar a sheasamh i leith cúrsaí chearta an duine agus athraithe aeráide.
- Le linn 2022-2023, ghlac an PiS seasamh láidir maidir leis an gcogadh san Úcráin, ag tacú le hiomlán a nirt leis an tír a ionsaíodh, cé gur tharla méid áirithe easaontais idir an Pholainn agus an Úcráin le linn an fheachtais toghchánaíochta 2023.[1]
- Ceapadh breithiúna a bhí báúil leis an bpáirtí in ardchúirteanna na tíre. Seo ba chúis leis an aighneas idir an tAE agus páirtí PiS.
Toghchán parlaiminte na Polainne, 2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an-imní ann go leanfadh an Pholainn bealach na hUngáire dá rachadh an páirtí i gcumhacht arís, agus inspioráid a fháil ó Viktor Orbán agus a gcuid polasaithe i bhfad amach ar an eite dheis.
I ndeireadh an dála, cé go bhfuair an PiS 'an bua' le 35% den vóta agus 194 feisire, bhí teacht ag an bhfreasúra ar 248 suíochán agus bhí páirtí Donald Tusk, an Platforma Obywatelska (PO), in ann comhrialtas leathan a dhéanamh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Radvan Markus (19 Deireadh Fómhair 2023). "Tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh agus is maith gur léirigh siad sin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-19.
- ↑ "‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-16). Dáta rochtana: 2023-10-16.