Pixies
Baill | |
---|---|
Kim Deal (Dayton, 10 Meitheamh 1961 - ). Amhránaí David Lovering (Burlington, 6 Nollaig 1961 - ). Ceoltóir Black Francis (Bostún, 6 Aibreán 1965 - ). Ceoltóir Joey Santiago (Manila, 10 Meitheamh 1965 - ). Giotáraí | |
Sonraí | |
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1986, Bostún |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1986 – |
Lipéad ceoil | 4AD Elektra |
Seánra | Rac malartach agus rac indie |
Faoi thionchar | Neil Young, The Beatles, David Bowie, Wire, The Velvet Underground, The Beach Boys, The Kinks, The Who, Cheap Trick (en) , Ramones, Dick Dale, Hüsker Dü, Thin Lizzy, Pere Ubu, Mission of Burma, The Pretenders, Richard Hell and the Voidoids, The Cars (en) , Volcano Suns, Pylon, The Gun Club, Big Star, Marc Bolan (en) , Minutemen, Sex Pistols, The Stooges, X, Violent Femmes (en) , Cardiacs agus Angst |
Suíomh gréasáin | http://www.pixiesmusic.com/ |
Banna rac-cheoil, nó rac malartach, as Stáit Aontaithe Mheiriceá é Pixies. Bhailigh an banna fuaimeanna punc-rac agus ceol traidisiúnta le chéile, chun a stíl sainiúil féin a chruthú. Níor bhain an banna aon rath mór amach ar dtús, ach d'imir siad tionchar mór ar a lán bannaí a tháinig ar an bhfód níos déanaí. Cumadóir an-tréitheach é Black Francis, agus bhí cáil aige mar cheoltóir ina aonar chomh maith. Cé gur bhanna beag neamhspleách a bhí ann, tá a dtionchar le cloisteáil fós i rac-cheol nua-aimseartha.
D'aontaigh baill an bhanna ar ais le chéile sa bhliain 2004, agus chuaigh siad amach ar chamchuairt domhanda. Níor thaifead siad aon ábhar nua, agus ag tús na bliana 2008 bhí Black Francis ag rá in agallaimh éagsúla go raibh an ath-aontú thart.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Pixies i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1986, nuair a bhuail Charles Thompson (Black Francis, nó Frank Black níos déanaí) leis an ngiotáraí Joey Santiago ar an gcoláiste. Le David Lovering ar na drumaí agus Kim Deal ar an dordghiotár, thabhaigh siad clú agus cáil thall sa Bhreatain, agus ansin níos déanaí abhaile i Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin.
Bhriseadar suas sa bhliain 1991, nuair a nocht Francis in agallamh go raibh sé críochnaithe leo. Bhí deacrachtaí idir eisean agus Deal, a bhí ag fás agus ag méadú thar na blianta. Chuir seisean tús gan mhoill le gairmréim aonair, agus bhain Deal roinnt cáil amach leis a banna nua The Breeders, in éineacht leis a deirfiúr Kelley.
Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Come On Pilgrim (1987)
- Surfer Rosa (1988)
- Doolittle (1989)
- Bossanova (1990)
- Trompe Le Monde (1991)
- Indie Cindy (2014)
- Head Carrier (2016)