Piostáis
Pistacia vera | |
---|---|
Grianghraf de Pistacia vera 'Kerman' ag an Desert Demonstration Garden i Las Vegas le torthaí ag tosú a oscailt. | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | cnó piostáise agus ola phiostáise |
Planda | |
Cineál an toraidh | drúp |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas beagnach faoi bhagairt | |
UICN | 63497 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Anacardiaceae |
Géineas | Pistacia |
Speiceas | Pistacia vera L., 1753 |
Crann beag duillsilteach a fhásann 6 m ar airde, dúchasach d'iarthar na hÁise is ea an phiostáis. Na duilleoga cleiteach le 3-5 duilleoigín, is gais rud beag eiteach; na bláthanna scothghlas i gcinn fhada scaoilte; an toradh 2.0-2.5 cm ar leithead, dearg/donn, cosúil le cnó. Fástar go forleathan í le haghaidh a síolta inite a úsáidtear i sócamais.
Is minic a mhearaítear Pistacia vera le speicis eile sa ghéineas Pistacia ar a dtugtar piostáisí freisin. Is féidir na speicis eile seo a idirdhealú ag a gcuid dáiltí geografacha (san fhiántas) agus a gcuid síolta atá i bhfad níos lú agus a bhfuil sliogáin bhoga acu.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an téarma «piostáis» tríd an Laidin pistacium ón Ghréigis pistakion πιστακιον , é féin díorthaithe ón Mheán-Peirsis pistakē.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an crann pistéise dúchasach do réigiúin na hÁise Láir, lena n-áirítear an Iaráin agus an Afganastáin sa lá atá inniu ann.[2][3][4][5] Léiríonn seandálaíocht gur bia coitianta a bhí i síolta na piostáise chomh luath le 6750 RCR. Go dtí seo, téann an fhianaise is luaithe ar chaitheamh pistéise ar ais go dtí an Chré - umhaois i Lár na hÁise agus tagann sí ó Jarqoʻton, san an Bhaictria (n ó an Úisbéiceastáin sa lá atá inniu). [6][7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pistachio, Dictionary.com
- ↑ Encyclopedia of Jewish Food
- ↑ "Pistacia vera L. | Plants of the World Online | Kew Science".
- ↑ "Pistachio | Description, Uses, & Nutrition" (en). “The pistachio tree is believed to be indigenous to Iran.”
- ↑ V. Tavallali and M. Rahemi (2007). "Effects of Rootstock on Nutrient Acquisition by Leaf, Kernel and Quality of Pistachio (Pistacia vera L.)". American-Eurasian J. Agric. & Environ. Sci., 2 (3): 240–246, 2007: 240. “Native P. vera forests are located in north eastern part of Iran particularly in Sarakhs region. This native P. vera is the origin of cultivated pistachio trees in Iran [1]. P. mutica is a wild species indigenous to Iran, growing with almond, oak and other forest trees common to most Alpine regions.”
- ↑ D. T. Potts (21 May 2012). "A Companion to the Archaeology of the Ancient Near East, Volume 1".
- ↑ Harlan Walker (1996). "Cooks and Other People".