Matamaiticeoir is réalteolaí a rugadh i mBeaumont-en-Auge na Fraince ab ea Pierre Simon Laplace (23 Márta1749–5 Márta1827). Leabhar suntasach amach is amach sa mhatamaitic fheidhmeach ab ea a Mécanique céleste (Meicnic Neamhaí, 1799-1825) in 5 imleabhar. Bhunaigh Laplace staidéar na meicnice clasaicí ar an gcalcalas in áit na céimseata mar a bhí sé mar nós ag na scoláirí roimhe sin. Bhí bua as an ngách aige ar an matamaitice agus Newton na Fraince a thugtar air dá bharr.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.