Bitheolaí Beilgeach is ea an tOllamh Peter Piot (a rugadh ar an 17 Feabhra 1949): In 1976 bhí Piot ar dhuine den dream a d’aimsigh an víreas Ebola sa tSáír le linn dó a bheith ag obair san Institiúid do Leigheas Trópaiceach in Antuairp, sa Bheilg.
Bhí Piot i gceannas ar thaighde ar VEID/SEIF, galair ghnéas-tarchurtha agus sláinte na mban, san Afraic fho-Shahárach den chuid is mó. D’oibrigh sé san Eoraip, san Afraic agus sna Stáit Aontaithe agus bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin bunaidh ar UNAIDS agus ina Fho-Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ó 1995 go dtí 2008. Bhí sé ina Stiúrthóir Comhlach ar an gClár Domhanda ar SEIF de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
Is iomaí gradam eolaíoch agus cathartha agus bonn daonnúil atá bronnta ar Piot; bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim oinigh air.[1] Tá os cionn 600 alt eolaíochta agus 17 leabhar foilsithe aige.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.