Peter Brian Medawar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peter Brian Medawar
Peter Brian Medawar.jpg
Saol
Eolas breitheRio de Janeiro agus Petrópolis, 28 Feabhra 1915
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Stáit Aontaithe Mheiriceá
BásLondain, 2 Deireadh Fómhair 1987
Muintir
Céile/CéilíJean Medawar  (1937 -
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Coláiste Marlborough
Ollscoil Oxford céim dochtúireachta
Mic léinn dochtúireachtaAvrion Mitchison (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmdochtúir leighis, imdhíoneolaí, míoleolaí, dírbheathaisnéisí, ollamh, bitheolaí, fiseolaí agus taighdeoir
FostóiríUniversity College London
Coláiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Ollscoil Birmingham
Duaiseanna
BallraíochtCumann Ríoga
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas

Míoleolaí a rugadh i Rio de Janeiro na Brasaíle ab ea Peter Brian Medawar (28 Feabhra 1915 - 2 Deireadh Fómhair 1987). D'oibrigh sé sa Bhreatain ar feadh a shaolré. Thaispeáin sé gur diúltú imdhíonach a bhí i gceist nuair a theip ar nódú craicinn.

Agus an taighde seo ar siúl aige i gcomhar le Macfarlane Burnet, thaispeáin sé, dá n-insteallfaí fíochán ó dheontóir i bhféatas sa bhroinn go nglacfadh colainn an pháiste sin le nódú nó ionchlannú ón deontóir sin tar éis a bhreithe.

Roinn an bheirt Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1960 as seo.

D'fhoilsigh sé leabhair shuntasacha freisin, The Uniqueness of the Individual (Sainiúlacht an Duine Aonair, 1957), The Art of the Soluble (1967, Ealaín na hInréiteachta) agus Pluto's Republic (1982, Poblacht Plútóin).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]