Jump to content

Padaí Mhicheáil Airt (The Invincibles)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPadaí Mhicheáil Airt
Beathaisnéis
Breith1835
Gaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Nollaig 1883
47/48 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 53486391 Cuir in eagar ar Wikidata
Póstaer chuimhneacháin

Poblachtach as Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair ba ea Padaí Mhicheáil AirtPádraig Mhícheál Airt Ó Domhnaill (1838 - 17 Nollaig 1883). Mharaigh sé an brathadóir cáiliúil James Carey.

Cúisíodh Padaí i ndúnmharú Carey, fear a bhí i gceannas ar na Invincibles, an dream a bhí freagrach as Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce i mBealtaine na bliana 1882, tráth a sádh agus a maraíodh beirt den lucht údaráis ba shinsearaí sa tír ag an am, Thomas Burke agus an Tiarna Cavendish.[1]

Cuireadh Padaí chun báis i Londain ar an 17 Nollaig 1883.

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Padaí, le Siobhán Ní Ghallchóir (as a bhaile féin) a aghaidh ar an Afraic Theas i mí Iúil 1883, ar an long Kinfauns Castle.

Bhí James Carey agus a bhean agus a seachtar clainne ar an long céanna. Bhí Carey faoi ainm bréige 'Power'.

D'aistrigh siad i bPort Elizabeth go long eile, an 'Melrose', a bhí ar a bealach go Durban sa Natal.

D'ól Carey cuid mhór agus bhí sé béalscaoilte. Chuir sé aithne ar Phadaí agus d'imir siad cártaí. D'éirigh achrann eatarthu. Scaoil Padaí trí urchar i gcorp an fhealltóra.

Fuarthas ciontach é i gcás cúirte i Londain. Cuireadh chun báis i Londain ar an 17 Nollaig 1883.

2021[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig fianaise chun solais sa bhliain 2021 as comhaid a coinníodh faoi rún ar feadh níos mó ná 100 bliain a chothaigh amhras faoin chás.[1]

Reilig Ghlas Naíon

I gcomhaid Roinn Gnóthaí Baile na Breataine a aimsíodh an fhianaise gur choinnigh breitheamh i gcúirt an Old Bailey eolas tábhachtach siar ón gcúirt.

De réir na fianaise seo, mheas an giúiré nach le mailís a ghníomhaigh Padaí Mhicheáil Airt nuair a scaoil sé Carey. Ach is dúnorgain seachas dúnmharú a bhíodh i gceist an uair sin dá maraítí duine gan mhailís. Cúpla bliain príosúin a bhíodh i gceist sna cúinsí sin, in áit phionós an bháis trí chrochadh nuair ba dhúnmharú le mailís a bhíodh i gceist.[1]

Cuimhneacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh leacht i gcuimhne Phadaí (cros Cheilteach) i nGaoth Dobhair sa bhliain 1954. leis an inscríbhinnː

I ndíl chuimhe ar Phádraig Ó Domhnaill as paróiste Ghaoth Dobhair a cuireadh chun báis i bpríosún Newgate i Londain ar an 17 Nollaig 1883 de thairbhe a ard dhílseachta d'Éirinn.

Tógadh leacht eile i Reilig Ghlas Naíon.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2021-07-16). "Éitheach cinniúnach tugtha i gcás stairiúil Phadaí Mhicheáil Airt" (as ga). 
  2. InvinciblesReintermentCommittee (2021). "Invincibles Reinterment Campaign" (en). Facebook. Dáta rochtana: 2021-07-18.