Pablo Neruda
Scríbhneoir agus file Sileach ab ea Ricardo Eliécer Neftalí Reyes Basoalto (1904 - 1973), nó Pablo Neruda mar is fearr aithne air. Rugadh é ar an 12 Iúil 1904 i gcathair Parral na Sile agus fuair sé bás ar an 23 Meán Fómhair 1973 i gcathair Santiago na Sile, faoi chúinsí amhrasacha.[1]
Meastar gurb eisean duine desna filibh Sileacha is tábhachtaí, ar aon chéim le Gabriela Mistral, Pablo de Rokha agus Vicente Huidobro. De réir an scríbhneoir Gabriel García Márquez áfach, ba é Neruda "an file ba mhó den 20ú haois a scríobh in aon teanga."[2]
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Neruda sa bhliain 1971.
Chomh maith leis an bhfilíocht, bhí Neruda ina thaidhleoir - do chaith sé tréimhse mar ambasadóir na Sile chun na Fraince - agus ina pholaiteoir, ar an eite chlé.
Bás agus conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende ar 11 Meán Fómhair 1973. Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus cailleadh Neruda cúpla lá níos déanaí.
Rinne na húdaráis an corp a dhí-adhlacadh i 2013. Tá an mhistéir gan fuascailt go fóill.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Pablo Neruda, escenas de la vida bohemia". www.magicasruinas.com.ar. Dáta rochtana: 2021-09-23.
- ↑ A Reading in Honor of Pablo Neruda's Centennial - i mBéarla
- ↑ Santiago AP (2017-10-21). "Pablo Neruda did not die of cancer: Experts" (en). The Daily Star. Dáta rochtana: 2021-09-23.