Páirtí Sóisialach Réabhlóideach
Aintiún | Marseillaise an Lucht Oibre | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | PSR | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | sóisialachas talmhaíochta sóisialachas daonlathach feidearálachas | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1902 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1940 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Second International (en) Labour and Socialist International (en) (1923–1940) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Viktor Chernov | ||||
B'é an Páirtí Sóisialach Réabhlóideach (Rúisis:Партия социалистов-революционеров/Partiya sotsialistov-revolyutsionerov) an ceann ba thábhachtaí de pháirtithe na heite clé in Impireacht na Rúise roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1902, ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud na Rúise a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.
Cé gur páirtí Sóisialach ab ea na Sóisialaithe Réabhlóideacha, níor chreid siad sa Mharxachas. Is é an tuiscint a bhí ag Karl Marx ar an réabhlóid shóisialach gurbh é an lucht oibre, an phrólatáireacht thionsclaíoch, a chuirfeadh i gcrích í. Ní raibh idé-eolaithe na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar aon tuairim leis, a fhad agus a bhí an Rúis i gceist. Ní raibh an oiread sin tionsclaíochta sa Rúis, a d'áitigh siad, nó ba tír curadóireachta agus talmhaíochta í thar aon rud eile. Mar sin, b'iad scológa bochta na tuaithe an aicme réabhlóideach, dar leo. Bhí siad ag féachaint le tacaíocht na scológ a fháil, agus d'éirigh leo réasúnta maith.
Níor dhruid siad siar ón sceimhlitheoireacht ach oiread. Mharaigh sceimhlitheoirí Sóisialacha Réabhlóideacha a lán státseirbhíseach ard, agus, fiú, beirt Airí Gnóthaí Inmheánacha.
I ndiaidh Réabhlóid na Feabhra 1917, tháinig scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha. Thacaigh eite dheis an pháirtí leis an Rialtas Sealadach nua a ndeachaigh duine dá gcuid féin, Aleksandr Kerensky, i gceannas air. Thaobhaigh eite chlé an pháirtí leis na Boilséivigh. De réir a chéile, chuaigh cuid acu sna Boilséivigh, ach d'fhéach cuid eile le héirí amach nuair a chonaic siad go raibh na Boilséivigh ag cur ar bun deachtóireacht aon pháirtí sa tír. Ar an 30ú Lúnasa 1918, rinne Fanya Kaplan, Sóisialaí Réabhlóideach, iarracht Léinín a mharú, agus ghoin sí é go dona. Cuireadh Kaplan chun báis trí lá ina dhiaidh sin, agus rinneadh géarleanúint ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar fud na tíre.
Ghlac iarsmaí na Sóisialaithe Réabhlóideacha páirt i gCogadh Cathartha na Rúise ag iarraidh cur in aghaidh na mBoilséiveach. Ina dhiaidh sin, fuair cuid acu - ar nós Aleksandr Kerenskiy - tearmann sna tíortha Iartharacha.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |