Pádraig Mac Suibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraig Mac Suibhne
Saol
Eolas breitheContae Dhún na nGall agus Ard an Rátha, 1942 (80/81 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Teangachaan Ghaeilge
an Béarla
Gairm
Gairmfile, múinteoir, príomhoide agus scríbhneoir

Is múinteoir, aisteoir agus file Gaeilge é Pádraig Mac Suibhne (a rugadh sa bhliain 1942).[1] Rugadh agus tógadh é in Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall.

Saol

Chuaigh an Suibhneach le sagartacht ach d’éirigh sé as. Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.

Múinteoir iarbhunscoile agus príomhoide ab ea é.

Phós sé sa bhliain 1967 agus bhí cúigear clainne aige ach scar sé féin agus a bhean.[1]

coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill

Poblactánach is ea é agus coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill.

Bhí baint mór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath. Bhíodh páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo ar TG4 chomh maith.[2]

Saothar

Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige agus gearrscéalta scríofa aige chomh maith. Tá an uaigneas agus an moráltacht mar théamaí ina chuid filíochta.

I measc a chuid saothar tá na gearrscéalta "An Coinín Cliste" agus "An Mhallacht" faoin teideal "Féar na Féile Vailintin agus scéalta eile". Dar le léirmheastóirí, pléann sé cúrsaí an tsaoil i slí an-simplí ghreannmhar ina chuid litríochta.

"Colscaradh"

'Colscaradh'ː an choimhlint mar chroílár an dáin

Is é a chum an dán "Colscaradh" a chlúdaítear ar chúrsa na hArdteistiméireachta in Éirinn.[3] Tagann an dán seo ón gcnuasach Solas Uaigneach. Chum an file an dán seo tar éis dó an brón agus an briseadh croí a bhain le scarúint tuismitheoirí a fheiceáil agus é ag múineadh daltaí scoile.[4]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 TG4. "Pádraig Mac Suibhne - a shaol, ar Youtube" (as ga). 
  2. L. Ní Mhuineog (2012-05-25). "Gaeilge Coláiste Pobail Acla: Pádraig Mac Suibhne". Gaeilge Coláiste Pobail Acla. Dáta rochtana: 2021-11-18.
  3. TG4 ar Youtube. "An dán Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 cogg.ie. "An dán 'Colscaradh'ː ceacht, ceisteanna agus nótaí". Dáta rochtana: 2021.
  5. Na focail. "Colscaradh - le Pádraig Mac Suibhne" (as ga). 
  6. Marcus Lambe (2011). "Colscaradh le Gaelport ar Youtube" (as ga). 
  7. "Colscaradh le Padraig Mac Suibhne | Dánta | TG4 Foghlaim" (as ga) .