Murtall
Is éard atá i gceist leis an murtall (nó otracht nó ró-raimhreacht uaireanta) ná raimhre a dhéanann dochar don tsláinte (úsáidtear an téarma ró-raimhre uaireanta). Is léir go bhfuil fadhb mhór in Éirinn leis an otracht nó an iomarca meáchain. Go domhanda, meastar go bhfuil ceithre oiread daoine (idir pháistí agus daoine fásta) a bhfuil fadhb otrachta acu, seachas mar a bhí ann sa mbliain 1990.[1]
Innéacs corpmhaise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má bhíonn comhéifeacht maise na colainne (BMI) níos mó ná 30%, duine murtallach is ea é sin. Duine le BMI 25-30, is ramhar é mar thoradh ar charnadh iomarcach saille sa cholainn. Más luach BMI 20-25 atá ag duine, is duine an-chothrom é. Nuair is lú an BMI ná 20, is scáinteachán nó ocrach an duine.
- Tuilleadh eolais: innéacs corpmhaise
Cúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tarlaíonn murtall de bharr an iomarca bia a ithe de ghnáth, nó ráta íslithe meitibileachta a leanann galar faireogach nó lot san inchinn. Tuigtear go bhfuil gaol idir raimhre is easláinte colainne, agus ní annamh a fheictear galair croí, mar shampla, ar dhaoine ramhra.
Tá togracht ghéiniteach chun otrachta ag daoine áirithe.
Éifeacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an meán, is mó an leibhéal galair is míchumais, is giorra an saol, agus is lú an táirgiúlacht i gcás duine i rang ar bith díobh seo, agus is mó an brú a chuireann siad ar an gcóras sláinte.
Dá bharr sin, moltar don té atá ramhar é féin a thanú. An modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile.
Eipidéimeolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá 20% de dhaonra an domhain ramhar nó murtallach, agus 20% eile ocrach. Tá míchothú ar 40% de dhaonra an domhain, gan dóthain cothú ag na hocraigh, gan dóthain cothú fholláin ag na ramhair is na murtallaigh.
Is ábhar imní é fadhb reatha na hotrachta i measc leanaí go háirithe.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn tá thar 40% de na fir is thar 25% de na mná ramhar nó murtallach, níos mó ná 12% de na fir murtallach is 9% de na mná.
Maidir leis an dá rang seo, tá Éirinn i bhfad níos measa ná an meánráta ar fud an domhain.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhoilsigh Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá an tuairisc McGovern, "Dietary Goals for the United States" ar an 14 Eanáir 1977.[2] Tuairiscíodh "is aicíd nach bhfuil ach ina tús fós í an ró-raimhre".[3]
Ach bhí an tionscal agraibhia in aghaidh na moltaí.[4] D'fhógair sé cogadh ar an tuairisc agus níor aontaíodh go gcaithfí rud éigin a dhéanamh ag an am. Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar an tuairisc McGovern.
Cóireáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá daoine ag tógáil na drugaí Wegovy (Ozempic) nó Rybelsus ar fud an domhain agus gan uathu ach meáchan a chailleadh.
Is i Meiriceá atá an fhadhb ba mhó otrachta ar domhan. Ach sna 2020idi, thosaigh an ráta ag ísliú den chéad uair riamh. Idir 2020 agus 2023 tháinig titim 2% ar an ráta otrachta thall. Meastar gur bhain go leor daoine úsáid as na drugaí saghas Wegovy agus go bhfuil 6% de na daoine i Meiriceá á n-úsáid in 2024.[1]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i nGaeilge go bhfuil sé ag titim chun murtaill.
An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán galar ag bagairt air, cosúil leis an taom croí agus diaibéiteas de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (11 Deireadh Fómhair 2024). "Teacht an Ozempic – deireadh le fadhb na hotrachta?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-11.
- ↑ National Center for Biotechnology Information, SAM (1976–1977). "McGovern's Senate Select Committee on Nutrition and Human Needs Versus the: Meat Industry on the Diet-Heart Question". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Select Committee on Nutrition and Human Needs, United States Senate. (1977). "Dietary goals for the United States". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "United States Senate Select Committee on Nutrition and Human Needs" (as en) (2021-10-29). Wikipedia.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Raimhre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 548.