Oprah Winfrey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOprah Winfrey

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Oprah Gail Winfrey
Beathaisnéis
Breith(en) Orpah Gail Winfrey
29 Eanáir 1954
70 bliana d'aois
Kosciusko, Mississippi Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Scoil a d'fhreastail sé/síTennessee State University (en) Aistrigh
East Nashville Magnet High School (en) Aistrigh
Ardscoil Nicolet
Ardscoil Lincoln
Ollscoil Tennessee, Knoxville Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMontecito
Milwaukee
Nashville, Tennessee
Chicago
Lavallette (en) Aistrigh
Fisher Island
Telluride
Maui
Antigua (en) Aistrigh
Streeterville (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Dath súileDonn
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Réimse oibreSelf-help (en) Aistrigh
Gairmláithreoir teilifíse, scríbhneoir, aisteoir gutha, óstach cláir cainte, iriseoir, dírbheathaisnéisí, cainteoir inspreagtha, ban-aisteoir, duine den lucht gnó, pátrún, tuairisceoir, léiritheoir teilifíse, léiritheoir scannáin, podchraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1967 –
FostóirWLS-TV (1983–)
WJZ-TV (1976–)
WVOL
WTVF (–1976)
Harpo Productions, uachtarán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Glanfhiúchas1,000 M$ (25 Meitheamh 2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2013commencement at the Harvard University (en) Aistrigh
2008commencement at the Stanford University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíJohn Tesh (1976–1977)
Roger Ebert (1977–1985)
Stedman Graham (1986–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCanaan Winfrey (en) Aistrigh
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairVernita Lee Winfrey
Duine muintearthaPatricia Lee Logton (maternal half-sister (en) Aistrigh)
Jeffrey Lee (maternal half-brother (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1993interview (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinoprah.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001856 Allocine: 17407 Rottentomatoes: celebrity/oprah_winfrey Allmovie: p76901 TV.com: people/oprah-winfrey IBDB: 406539
Facebook: oprahwinfrey Twitter: Oprah Instagram: oprah Youtube: UCKBnlTTgEnhIXv_c4LvvyMQ Discogs: 281476 Cuir in eagar ar Wikidata


Is craoltóir, léiritheoir, fiontraí agus ceannródaí teilifíse í Oprah Gail Winfrey a rugadh ar an 29 Eanáir 1954. Tá clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar a clár cainte, 'The Oprah Winfrey Show’. Tá roinnt ainmniúchán EMMY faighte ag an gclár agus ba ea é an clár cainte teilifíse is mó scór féachana riamh.

Anuas air sin, is í an Meiriceánach de shliocht Afracach is saibhre ar domhan. Is í an daonchara Meiriceánach de bhunadh Afracach is flaithiúla ar domhan. Tá daoine áirithe den tuairim gurb í an bhean is mó a bhfuil tionchar aici ar domhan.

2002

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baisteadh Orpah ar Oprah in ómós an charachtair sa Bhíobla i Leabhar Ruth ach tá scéalta malartacha ann ar bhunús an leagain atá in úsáid aici anois. Dar le hagallamh a rinne Winfrey leis an Academy of Achievement, tugadh Oprah uirthi toisc nach raibh a teaghlach in ann an t-ainm Orpah a fhuaimniú agus ba é sin an fáth gur scríobhadh síos an t-ainm Oprah ar a teastas breithe. Ach maireann an scéal fós go ndearna an bhean chabhrach an botún sa teastas.

Rugadh í in Kosciusko, Mississippi i ndeisceart na Stát Aontaithe. Ní raibh a tuismitheoirí pósta agus scar siad óna chéile go tobann ina dhiaidh sin. Ba chailín tí í a máthair agus d'oibrigh a hathair mar mhianadóir guail.

2009

Chaith Winfrey an chéad chúig bliana dá saol i gcomhluadar a seanmháthar i mbochtaineacht faoin tuath. Ba mhinic gur tharla sé go raibh sí ina ceap magaidh i measc na bpáistí áitiúla.

Nocht Winfrey ar chlár teilifíse ina raibh mí-úsáid ghnéasach mar ábhar i 1986 gur ndearna a col ceathrair, a huncail agus cara de chuid an teaghlaigh mí-úsáid ghnéasach uirthi nuair a bhí sí naoi mbliana d'aois. Bhí páiste aici nuair a bhí sí ceithre bliana déag d'aois ach fuair an leanbh sin bás agus é fós sa chliabhán.

Ach d'ainneoin a cúlra agus saol pearsanta corraitheach, d'éirigh go maith léi ar scoil agus go háirithe nuair a bhog sí go teach a hathar in Tennessee. Bhí a hathair dian uirthi ach spreag sé í agus ba é an t-oideachas an chloch ba mhó ar a phaidrín i gcónaí. D'éirigh go maith léi ar scoil; ghlac sí páirt i bhfoireann díospóireachta na scoile agus bhuaigh sí comórtas óráidíochta, rud a chinntigh scoláireacht di in Tennessee State University.

2010

Thosaigh sí ag obair ar stáisiún raidió áitiúil nuair a bhí sí fós sa mheánscoil agus thosaigh sí ag comhláithriú na nuachta áitiúla um thráthnóna nuair a bhí sí naoi mbliana déag d'aois.

Sár i bhfad ba é an cur chuige tuisceanach agus báúil a bhain clú amach di ar bhonn forleathan agus thosaigh sí ag láithriú cláir cainte i rith an lae. Dúirt a seanmháthair Hattie May nach raibh ionadh uirthi gur shocraigh Winfrey ar ghairm bheatha a roghnú sna meáin toisc go raibh Winfrey ar an ardán ón uair a thosaigh sí ag caint. Chuir Winfrey in iúl go raibh an-tionchar ag a seanmháthair uirthi agus dúirt sí gurbh í Hattie May a thug spreagadh di ón tús.

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceaptar gurb í Winfrey a chuir tús le modh nua cumarsáide a bhí faoistiniúil agus níos pearsanta. Lena chois sin creidtear gur athmhúnlaigh sí earnáil an chláir cainte agus gur thug sí deis scéalta a bhain le himeall na sochaí a chur os comhair an phobail i gcoitinne agus gur ardaigh sí ceist na homaighnéasachta go poiblí.

2013

Thosaigh Winfrey ag láithriú chlár cainte na maidine ar AM Chicago i 1984. Faoi cheann cúpla mí ba é an clár cainte ba mhó scór féachana i Chicago. Tugadh teideal nua don chlár, 'The Oprah Winfrey Show', agus tosaíodh á chraoladh ar bhonn náisiúnta sna Stáit Aontaithe ar 8 Meán Fómhair, 1986.

Sna nóchaidí, athraíodh an bhéim agus an t-ábhar a bhí á phlé ar an gclár agus in ionad an chuir chuige thablóidigh a bhí ann sna hochtóidí, chuir Winfrey béim ar chúrsaí sláinte, an pholaitíocht agus an spioradáltacht agus ar dhaonchairdeas. Rinne sí agallaimh le daoine cáiliúla ar ábhair éagsúla ar nós ailse, carthanachtaí nó a dtrioblóidí le halcól agus drugaí. Anuas air sin rinne sí agallaimh le gnáthdhaoine a raibh éachtaí déanta acu.

Tá rian an chláir le brath i bhfad ó na Stáit Aontaithe. Craoltar an clár i 140 tír ar fud na cruinne. Meastar go mbíonn os cionn 30 milliún duine ag féachaint air gach seachtain i Meiriceá, cé go bhfuil an lucht féachana ag ísliú le deich mbliana anuas.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le CNN agus Time.com, is í Winfrey an bhean is mó a bhfuil tionchar aici ar domhan. Ag deireadh na fichiú haoise, bhí Winfrey luaite mar dhuine de na mná is cumhachtaí agus an bhean ghorm is mó tionchar dá glúin. I 1998 ba í Winfrey an chéad bhean agus an chéad duine gorm a luadh ar liosta "Entertainment Weekly" de na daoine is cumhachtaí sna meáin.

Ach tá tionchar Winfrey le tabhairt faoi deara i réimsí agus in earnálacha eile chomh maith agus creidtear go minic go bhfuil an-chumhacht aici go ginearálta i ngnásaíocht tomhaltóirí. Le linn cláir a craoladh in Aibreán 1996 mar gheall ar ghalar na bó buille, dúirt Winfrey, 'Chuir sé bac láithreach orm burgar eile a ithe.' Rinne feirmeoirí ó Texas iarracht an dlí a chur ar Winfrey toisc an laghdú i ndíolachán mairteola a tharla de dheasca an ráitis ach theip orthu.

Sa bhliain 2008 agus 2012, bhí cumhacht Winfrey le feiceáil i bhfeachtas polaitiúil Barack Obama nuair a thacaigh sí leis an iarrthóir ón bpáirtí Daonlathach go luath san fheachtas. Ba é sin an chéad uair riamh a thacaigh sí le iarrthóir. Meastar gur thug tacaíocht Winfrey os cionn milliún vóta eile d'Obama le linn thoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí rian a cumhachta chomh feiceálach sa toghchán tosaigh go raibh gobharnóir Illinois chun suíochán i Seanad na Stát Aontaithe a thairiscint di.

Síniú

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]