Roger Ebert

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roger Ebert
Roger Ebert crop (retouched).jpg
Ebert sa bhliain 1970
Dáta breithe 18 Meitheamh, 1942
  Urbana, Illinois, SAM
Dáta báis 4 Aibreán, 2013
  Chicago, Illinois, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Údar, iriseoir, léirmheastóir scannán, scríbhneoir scáileáin
Duaiseanna Duais Pulitzer
Céile Chaz Hammelsmith Ebert

Iriseoir, scríbhneoir agus léirmheastóir scannán ab ea Roger Joseph Ebert (18 Meitheamh, 19424 Aibreán, 2013). Bhí ainm in airde aige mar chriticeoir scannán ar fhoireann an nuachtáin Mheiriceánaigh Chicago Sun-Times ón bhliain 1967 go dtí lá a bháis. Bhí seisean ar an chéad duine a bronnadh Duais Pulitzer na Léirmheastóireachta air sa bhliain 1967.

Bhain Ebert clú agus cáil nach beag amach in éineacht lena chomh-chriticeoir Gene Siskel, agus an bheirt ag caitheamh súil ar mhórscannáin an lae i gcláir theilifíse dá gcuid féin.