Ocsaídiúchán
Cailliúint leictreon, a dtarlaíonn dí-ocsaídiúchán ag an am céanna i gcónaí le gnóthú an leictreoin chéanna. Imoibrithe ceimiceacha ina n-aistrítear leictreoin ó adamh amháin go hadamh eile, agus luaitear iad mar imoibrithe ocsaídiúcháin/ dí-ocsaídiúcháin, nó ocsdí. Tugtar staid ocsaídiúcháin nó uimhir ocsaídiúcháin ar dhúile mar thomhas ar a n-airíonna ocsaídiúcháin/dí-ocsaídiúcháin. Is iad seo na rialacha chun an uimhir ocsaídiúcháin a thabhairt: Tugtar (+2) ar ocsaigin ach amháin ar an dúil féin (0) is ar an tsárocsaíd (-1). Tugtar (+1) ar hidrigin ach amháin an dúil féin (0) is na hidrídí salanda (-1). Tugtar (-1) ar hailiginí atá nasctha le dúile nach ocsaigin iad. I gcás na ndúl eile, bíonn suim na n-uimhreacha san ian nó sa mhóilín cothrom leis an lucht glan. Mar sin, is í staid nó uimhir ocsaídiúcháin an Mn san ian MnO4- ná (-1 + 4 x 2 = +7). Is í staid ocsaídiúcháin an S san ian S2O3- ná ((-2 + 3 x 2)/2) = (+2). Scríobhtar staideanna ocsaídiúcháin le huimhreacha Rómhánacha mar seo: mangainéis (VII) nó MnVII , sulfar (II) nó SII.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ocsaídiúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 491.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |