Nuala Ahern

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNuala Ahern
Beathaisnéis
Breith5 Feabhra 1949
75 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Comhaontas Glas

20 Iúil 1999 – 20 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Laighean

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Comhaontas Glas

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Laighean

Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Ba í Nuala Ahern feisire Eorpach an Chomhaontais Ghlais ó 1994 go dtí 2004, i dtoghlach Chúige Laighean.

Sa Chomhaontas Glas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Os rud é gur tógadh í ar leithinis Chuaille atá gar do Sellafield, bhí páirt mhór ag Nuala san fheachtas chun an t-ionad athphróiseála núicléach seo i gCumbria Shasana a dhúnadh. Bhí sí páirteach san fheachtas i 1979 chun stop a chur le plean an rialtais chun stáisiún cumhachta núicléiche a thógáil ag Ceann an Chairn i Loch Garman chomh maith.

Chuaigh Nuala isteach sa Chomhaontas Glas i 1989. Toghadh í ar dtús mar Chomhairle Contae Glas i gCill Mhantáin i 1991. Toghadh í gan choinne in éineacht le Patricia McKenna i mBaile Átha Cliath, i dtoghcháin Eorpacha 1994. D'éirigh sí as a shuíochán i 2004 [1] Curtha i gcartlann 2005-02-04 ar an Wayback Machine agus níor éirigh le hiarrthóir nua an Chomhaontais Ghlais, Mary White, an suíochán a choinneáil don pháirtí. Ba mhíbhuntáiste mór é don pháirtí sa toghchán áirithe sin, gur laghdaíodh uimhir na suíochán i dtoghlach Chúige Laighean, ó cheithre cinn go trí cinn.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]