Patricia McKenna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Patricia McKenna
Patricia McKenna 2016.jpg
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 19, 1994 - Iúil 19, 1999
Dúiche: Baile Átha Cliath (toghcheantar na hEorpa)
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1994
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 20, 1999 - Iúil 20, 2004
Dúiche: Baile Átha Cliath (toghcheantar na hEorpa)
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1999
Saol
Eolas breitheCaisleán an tSiáin, 13 Márta 1957 (66 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Teanga dhúchaisan Béarla
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir
Áit oibreStrasbourg agus An Bhruiséil
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaComhaontas Glas

Bhí Patricia McKenna (ar 13 Márta 1957 a rugadh í [1]) ar dhuine den bheirt Fheisirí Eorpacha a bhí ag an gComhaontas Glas sa tréimhse 1994-2004. Bhí sí ina hionadaí ar son Bhaile Átha Cliath, ach theip uirthi a suíochán a choinneáil sa bhliain 2004. Sheas sí don Dáil in Olltoghchán 2007 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir, ach níor éirigh léi a bheith tofa. Chuaigh sí san iomaíocht in éineacht le John Gormley le haghaidh cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais in Iúil 2007, tar éis do Trevor Sargent éirí as an bpost sin. Bhí an bua ag John Gormley sa deireadh ach d'éirigh níos fearr le McKenna ná mar a bhíothas ag súil leis, nuair a d'éirigh léi breis is aon trian de vótaí na mball a fháil.[2]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iarmhúinteoir as Caisleán an tSiáin i gContae Mhuineacháin í McKenna. Bhí an chéad bhaint aici leis an gComhaontas Glas ag deireadh na bliana 1986, nuair a chuaigh na Glasaigh Grattan Healy agus Petra Kelly, go mór i bhfeidhm uirthi go polaitiúil.[3] An chéad pháirt mhór a bhí aici sa pháirtí ná nuair a chabhraigh sí le ceolchoirm le 'The Waterboys' a eagrú. Dheonaigh an banna ceoil seo a gcuid ama chun airgead a bhailiú le haghaidh an pháirtí i 1987. Chonacthas í ar an teilifís don chéad uair sa bhliain 1988, nuair a bhí sí féin agus John Gormley ar 'The Late Late Show' le Gay Byrne, thar ceann an Chomhaontais Ghlais.

Baineadh geit mhór as an saol polaitiúil i 1994 nuair a d'éirigh le beirt d'iarrthóirí an Chomhaontais Ghlais sna toghcháin Eorpacha, is é sin, Patricia McKenna agus Nuala Ahern. Bhain McKenna barr na vótála amach i mBaile Átha Cliath, le 14.53% den vóta[4] agus gan ach buiséad toghcháin de thart ar £6,000 aici.[5] Toghadh arís í i 1999 le vóta níos ísle.[6] Bhí McKenna go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn colscartha sa bhliain 1995, de bharr 'Bhreithiúnas McKenna', nuair a d'éirigh léi bac bunreachtúil a chur ar chaitheamh airgead an státchiste náisiúnta, ar thaobh amháin den argóint i gcás reifrinn.

Tá McKenna go mór ar son neodracht mhíleata na hÉireann agus is duine í atá amhrasach faoi fhorbairt neamhdhaonlathach an Aontais Eorpaigh mar aonad polaitiúil.

Sheas McKenna i gcoinne mhargaidh rialtais an Chomhaontais Ghlais le Fianna Fáil i Meitheamh 2007. Tá sí ina cónaí faoi láthair i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, lena fear céile agus a dtriúr páistí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.europarl.europa.eu/members/archive/term5/view.do?language=EN&id=2231
  2. http://www.rte.ie/news/2007/0718/greens.html
  3. A Journey to Change: 25 Years of the Green Party in Irish Politics, (Baile Átha Cliath 2006) lth. 138 ISBN 1-84588-559-7
  4. http://www.electionsireland.org/result.cfm?election=1994E&cons=524
  5. A Journey to Change: 25 Years of the Green Party in Irish Politics, (Baile Átha Cliath 2006) lth. 141 ISBN 1-84588-559-7
  6. http://www.electionsireland.org/result.cfm?election=1999E&cons=524