Nord Stream 2
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | píblíne gháis | ||||
Stair | |||||
Ócáid shuntasach | |||||
26 Meán Fómhair 2022 | Nord Stream pipelines sabotage (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Oibreoir | Nord Stream 2 AG (en) | ||||
Cuid de | Nord Stream (en) | ||||
Suíomh gréasáin | nord-stream2.com → (2022) | ||||
Is píblíne mhór gháis Nord Stream 2 (nó NS2), 1207 ciliméadar idir an Rúis agus an Ghearmáin. Tháinig deireadh leis an obair thógála i mí Mheán Fómhai 2021. Bhí an phíblíne réidh le gás a thabhairt ón Rúis chun na Gearmáine. Ach ní raibh deimhniúcháin déanta riamh ag an rialtóir fuinnimh na Gearmáine ar an obair. Faoi dheireadh, bhí an tionscadal curtha ar athlá ag an nGearmáin sa bhliain 2022 ar chúiseanna geopholaitíochta.[1]
Lá amháin, b'fhéidir, tarraingeoidh sé b'fhéidir 55 billiún méadar ciúbach gáis in aghaidh na bliana ón Rúis chuig an nGearmáin. Sin soláthar i gcomhair 26 milliún teaghlach.[2]
Tógáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an comhlacht Gazprom na Rúise i mbun an tionscadail.
Ábhar teannais is ea spleáchas na hEorpa ar fhuinneamh ón Rúis agus tharraing an phíblíne conspóid i gcónaí.
Ar dtús, ba 'réiteach' é Nord Stream 2, mar a measadh sna 2010idí, ar leithéid na géarchéime a tharla i ngeimhreadh na bliana 2009 nuair a dhún an Rúis na píobáin gáis ar an Úcráin. Rinne an Rúis sin de bharr 'moill íocaíochta;, a dúradh ag an am. Ach fágadh tíortha eile thiar ar bheagán gáis de bharr an aighnis, rud a chuir sceon ar rialtais na hEorpa. Chuir an géarchéim seo brú ar an nGearmáin NS2 a thógáil. Ina theannta sin, bhí Gerhard Schröder, iar-Sheansailéir na Gearmáine ag déanamh stocaireacht, don Rúis agus ag cur Nord Stream 2 chun cinn.
Thosaigh staidéar féidearthachta ar Nord Stream 2 i mí Aibreáin na bliana 2011, agus i bhfad níos déanaí, i mí na Bealtaine 2018, cureadh tús leis an obair thógála i nGreifswald sa Ghearmáin.
Bhí an tAontas Eorpach ag brath níos mó ná riamh ar an Rúis, agus i rún ar 21 Eanáir 2021, d’iarr feisirí an Aontais Eorpaigh stop a chur le Nord Stream 2 (agus seachtrachtaí éiceolaíocha ann chomh maith).[3]
Cosc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 22 Feabhra 2022, bhí cosc curtha ag an nGearmáin le próiseas deimhniúcháin phíblíne chonspóideach gháis Nord Stream 2. Ba é seo freagra na Gearmáine ar aitheantas na Rúise don dá réigiún in oirthear na hÚcráine, Luhansk and Donetsk. Dúirt an Seansailéir Olaf Scholz: “Tá cuma theicniúil ar an stop seo ach is céim riachtanach den tionscnamh deimhniúchán a dhéanamh ar an bpíblíne agus dá uireasa ní féidir le Nord Stream 2 tosú ag feidhmiú.”
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Píblíne Nord Stream 2 ón Rúis stoptha ag an nGearmáin, an teannas faoin Úcráin ag éirí níos measa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-29.
- ↑ Diarmuid Johnson (2011). "Gás don Eoraip: Trí Ollphíobán le Tógáil". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Céard is cúis leis an gcaidreamh achrannach idir an Eoraip agus an Rúis? | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2021-02-02). Dáta rochtana: 2022-05-29.