Nikki Haley
Polaiteoir Meiriceánach is ea Nikki Haley, a rugadh mar Nimrata "Nikki" Randhawa ar 20 Eanáir 1972.[1][2] Ba ghobharnóir ar Carolina Theas í ó 2011 go 2017. Sula raibh sí ina gobharnóir bhí sí ina hionadaí ar son Contae Lexington i dTeach Ionadaithe Carolina Theas (2005 go 2011).[3] Ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe a bhí inti sna blianta 2017–2018. Tá sí ina ball den Pháirtí Phoblachtach.
Is í Haley an chéad bhean ina ghobharnóir ar stát South Carolina; is í an gobharnóir Meiriceánach is óige dá bhfuil ann.[4][5] Is í an dara duine de shliocht Indiach atá ina gobharnóir Meiriceánach, i ndiaidh Bobby Jindal. Cathaoirleach ar bhord Ollscoil Carolina Theas í freisin.[6]
Rugadh Haley in Bamberg, Carolina Theas, do thuismitheoirí Saíceacha ón India. Tá céim B.S. i gcuntasóireacht aici ó Ollscoil Clemson. I mí Meán Fómhair phós sí Michael Haley i searmanais Shaíceacha agus Modhacha. Deir sí gur Críostaí í agus go bhfuil sí ina bhall de phobal Modhach.
Ar 23 Samhain 2016 d'fhógair Donald Trump, uachtarán tofa na Stát Aontaithe, go n-ainmneoidh sé Nikki Haley do phost ambasadóra SAM chuig na Náisiúin Aontaithe nuair a bheidh sé féin in oifig .[7]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Nikki Haley: 10 things you didn't know about the S.C. Republican". Washington Post Voices.
- ↑ "Don't say 'no' to South Carolina Gov. Nikki Haley". USA Today.
- ↑ "Belles of the South". Audrey. April–May 2006.
- ↑ news |url=http://www.theepochtimes.com/n2/content/view/45304/ |teideal=Nikki Haley First Indian-American Governor of South Carolina |first=Jack |last=Phillips |work=The Epoch Times |location=New York |date=November 3, 2010 |accessdate=July 25, 2011}}
- ↑ "Nikki Haley bests Vincent Sheheen for South Carolina governor".
- ↑ "Haley, Scott, Staley to deliver UofSC commencement addresses".
- ↑ "Gov. Nikki Haley tapped to be Trump’s U.N. ambassador". The Washington Post.