Neifrít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralNeifrít

Eapainmduán
Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Criostalchórascóras criostail aonchlaonasach

Is éard atá i neifrít[1][2] ná cineál de na mianraí amfabóil treimilítachtainilít a bhfuil mórán cailciam, maignéisiam, agus iarainn iontu. Is í an fhoirmle cheimiceach do neifrít ná Ca2 (Mg, Fe)5 Si8 O22 (OH)2. [3] Tá sí ar cheann de dhá speiceas mianraí éagsúla ar a dtugtar séad. Is é an speiceas mianraí eile ar a dtugtar séad ná séidít, ar cineál pireacséine í. Cé go bhfuil séad den chuid is mó liath agus uaine (agus uaireanta buí, donn, dubh, nó bán), féadann séidít, atá níos annaimhe, a bheith dubh, dearg, bándearg agus corcairghorm freisin. Is cloch ornáideach í séad a úsáidtear i snoiteáin, coirníní, nó geamchlocha cabaiseanghearrtha. Is í neifrít mianra oifigiúil stáit Wyoming freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): nephrite” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-03-24.
  2. “neifrít” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  3. "Gem Reference Guide" (1988). Gemological Institute of America. ISBN 0-87311-019-6.