Jump to content

Comhghall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Naomh Comhghall)
Infotaula de personaComhghall

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 516 (Féilire Ghréagóra)
Contae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Bealtaine 601
84/85 bliana d'aois
Beannchar, Contae an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmduine rialta, aiséiteach Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidFionntán Chluain Eidhneach, Finnian Mhaigh Bhile, Mobhí Cláraineach agus Naomh Ciarán
Ardú
Lá féile10 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Mainistir Bheannchair inniu

Is i gContae Aontroma a rugadh Naomh ComhghallComgall (timpeall na bliana 510/520 – 597/602; b'fhéidir 516 - 602; Saint Comgall i mBéaral).[1] Ceiliúrtar a lá féile ar 10 Bealtaine.[2]

Ba shaighdiúir a athair. Theastaigh uaidh go leanfadh a mhac an cheird chéanna sin, rud a rinne Comhghall ar dtús. Ach bhí Comhghall ag iarraidh a bheith ina shaighdiúir i seirbhís Chríost.

mósáic i mBeannchair inniu

De réir dealraimh, rinne Comhghall a chuid staidéir faoi threoir Naomh Fionnán i Maigh Bhile.[3] Siocair go raibh sé faoi bhrú ag cathuithe agus faoi chian agus chumha, shocraigh sé féin agus a ab ar dhul i muinín na paidreoireachta. Tar éis don easpag Lughaidh é a agairt go mór, oirníodh ina shagart é.[1]

Bhunaigh Comhghall mainistir i mBeannchar c. 555-558, mainistir ar mheall chuici daoine mar Naomh Columbán ina phríomhoide inti tamall ina dhiaidh sin.[4][1][5]

Bhí Comhghall an-dian ar fad ar na manaigh ó thaobh bia de.. Ní raibh cead ag na manaigh faoi Naomh Comgall i mBeannchar bainne a ól.[6] Bheadh arán, glasraí agus uisce mar bhéile acu, agus ní raibh ann ach aon bhéile amháin sa lá. Níos déanaí, tugadh cead dóibh bainne a ól sa deireadh, mar a rinneadh sa chuid is mó de na mainistreacha eile ag an am.

Bhunaigh Comhghall mainistir  in oileán Tír Iodh in Albain chomh maith.

Bású agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó tinneas fada pianmhar a fhulaingt go foighdeach, d’éag sé ar Fhéile na Cincíse sa bhliain 602 b'fhéidir.

Ó thús an 9ú haois ar aghaidh, d’ionsaigh na Lochlannaigh Mainistir Bheannchair agus truaillíodh scrín Naomh Comhghall.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 "Naomh Comhghall, ab: Bealtaine 10 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-10. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  2. "St. Comgall" . Catholic Encyclopedia Volume 4.
  3. "Maigh Bhile/Movilla" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  4. Liz Curtis (2006). "Léargas den scoth ar shaol na manach fadó" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  5. Gearóid Trimble (2016). "Naomh Gall – Oidhreacht Léinn & Liteartha an Naoimh Éireannaigh a Bhunaigh Cathair St Gallen na hEilvéise". Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 26 (1): 107–129. ISSN 0488-0196.
  6. "Colm Cille > Food and Drink". ccea.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-10. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  7. "Bangor Abbey" (as en) (2021-01-18). Wikipedia.