Mósáic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mósáic ón 14ú aois

Teicníocht chun patrúin ornáideacha is pictiúir a dhéanamh trí mhionphíosaí (tesserae) gloine daite, marmair nó ceirmeachta a chur in eagar cuí ar leaba stroighne. In úsáid ag na Rómhánaigh chun pábháil a dhéanamh, ag na Críostaithe luatha is na Biosántaigh i gcomhair múrmhaisithe in eaglaisí, agus na healaíontóirí Ioslamacha freisin. Athmhúsclaíodh suim sa mhósáic san Iodáil go déanach sa 19ú céad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mósáic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.