Naomh Abbáin Maigh Árnaí CLG

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá club Naomh Abbáin Maigh Árnaí ar cheann de na 49 clubanna atá i Loch Garman.[1] Is club cáiliúil é Maigh Árnaí agus tá stair agus rathúlacht ag baint leis. Tá trí pharóiste sa chlub, Maigh Árnaí, Babhún Nua agus Ráithín.[2] Tá sé suite timpeall fiche nóiméad taobh amuigh de bhaile Loch Garman.

Is iad na clubanna atá mórthimpeall air ná Teach Munna, Cloch Bán, Baile Uí Cheog, Baile Chúisín, Cluain Caoin agus Ráth na gCosarán. Glacann an club páirt sna comórtais san iománaíocht, sa pheil Ghaelach agus i bpeil Ghaelach na mban. Tá feidhmeanna sóisialta ag an gclub, mar shampla eagraíonn siad cistí coigiltis agus rannpháirtíocht sa chomórtas “Scór” do phobal an cheantair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor fianaise ann go raibh an iománaíocht agus an pheil Ghaelach á n-imirt san am atá caite i Maigh ÁrnaíBabhún Nua, fiú roimh an mbliain a bunaíodh an club go hoifigiúil. Mar shampla, scríobhadh in alt nuachtáin in 1887 go raibh fír óga as an gceantar timpeall ar Charraig Uí Bhroin ag traenáil san iománaíocht agus lena thuilleadh cleachtadh go mbeidís chomh maith leis na himreoirí is fearr a bhí ann sa cheantar sna blianta roimhe sin.[2]

Nuair a bhítear ag beartú stair an Chumann Lúthcleas Gael i Maigh Árnaí, Babhún Nua agus Ráithín a scríobh, caithfidh tagairt a dhéanamh do na bailte fearainn - Carraig Bhrain, Cúirt Héil, Seanchúirte, Baile Chleamac, Rathain Dubh agus Dún Eamhna mar bhí foirne éagsúla i ngach áit díobh seo roimh an am ar tháinig siad le chéile chun club amháin a chur ar bun.[2]

Ghlac siad páirt sa chéad chraobh iománaíochta sa chontae, dar leis na tuarascálacha is luaithe faoi chluiche in aghaidh Buaile Mhaodóg. Ba fhoireann iomaíoch iad ina ndathanna bunaidh - glas agus bán.[2]

Sa bhliain 1888 bhí Maigh Árnaí ranpháirteach ina gcéad craobhcómortas peile sa chontae, ag imirt i gcoinne cúpla foirne  ar nós hMaol gConáin. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’imir siad i bhfad níos mó cluichí, agus a gcluiche cáiliúil i gcoinne foireann darbh ainm Na Gorma agus Bána as baile Loch Garman. Ba iad na Gorma agus Bána an fhoireann is fearr sa chontae ag an am sin. Le linn an chluiche, chaith an moltóir stop leis an gcluiche chun na himreoirí a áireamh. D’áirigh an moltóir 21 imreoirí ag imirt leis na Gorma agus Bána agus ba é sin méid ceart na n-imreoirí ag an am sin. Nuair a d’áirigh sé na himreoirí ag imirt le Maigh Árnaí thug sé faoi deara go raibh 22 imreoirí acu agus níor thosaigh sé an cluiche arís go dtí gur ghlac siad imreoir den pháirc. Bhuaigh na Gorma agus Bána an cluiche agus ba é an scór deireanach sa chluiche sin ná 0-08 go 0-00.[2]

Shroich Maigh Árnaí a chéad chluiche ceannais iománaíochta sa chontae sa bhliain 1916. Mar thoradh ar Éirí amach na Cásca i 1916, níor imir siad an cluiche go dtí an cúigiú lá de Lúnasa 1917.[2] Imríodh é in Inis Córtaidh. Chaill Maigh Árnaí in aghaidh Baile Uí Mhurúin agus ba é 4-0 go 0-2 an scór deireanach. Ba iad Jim Mcgrath agus Tom Foley na himreoirí is fearr ag Maigh Árnaí ag an lá sin.  [2]

Sa bhliain 1969, bhuail ionadaithe ó na paróistí Maigh Árnaí, Babhún Nua agus Ráithín le chéile ar chúpla ócáid agus tar éis go leor conspóide, sa deireadh d’aontaigh siad teacht le chéile chun imirt faoin mbratach céanna leis an ainm “Naomh Abbáin Maigh Árnaí”.[3]

Ar an aistear, mhalgamaigh Maigh Árnaí le paróistí taobh amuigh Maigh Árnaí, Babhún Nua agus Ráithín. Sa bhliain 1913 mhalgamaigh siad le Cluain Caoin mar bhí na huimhreacha ró íseal.[2] Le déanaí, bhí foirne coiste na n-óg i Maigh Árnaí ag tógáil páirt i cónascthaí, mar shampla i 2015 mhalgamaigh an fhoireann mionúir i Maigh Árnaí leis an bhfoireann mionúir i Ráth na gCosarán.  

Rath[cuir in eagar | athraigh foinse]

An aois órga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an aois órga sa bhliain 1923 agus chríochnaigh sí sa bhliain 1942. Tá aithne ar an tréimhse seo mar an aois órga sa chlub toisc gur bhuaigh Maigh Árnaí 11 cluichí ceannais iománaíochta sa chontae lena linn.[2]

Chun tús a chur ar an n-aistear i dtreo  11 cluichí ceannais iománaíochta sa chontae a bhuachaint, chaith Maigh Árnaí cluiche ceannais na sóisear a bhuachaint agus bhuaigh siad é sa bhliain 1925 in aghaidh Muine Moling.[3]

Bhuaigh an club an chéad chluiche ceannais iománaíochta sa chontae sa bhliain 1926.[2] Bhí rath ar an gclub ina gcéad bhliain agus iad imirt i gcraobh an chontae san iománaíocht ar an leibhéal sinsearach. D’imir na buachaillí nua sa ghrád sinsearach i gcoinne Dhroichead an Chaisleáin. Bhuaigh Maigh Árnaí an lásin agus an scór a bhí ann ag deireadh an chluiche ná 8-2 go 4-0.[2]

Bhuaigh siad a dara trófaí sa bhliain 1927. Arís, bhí siad ag imirt in aghaidh a seaniomaitheoirí, Droichead an Chaisleáin. Ba é 5-1 go dtí 2-6 an scór ag deireadh an chluiche.[2]

Níor bhuaigh Maigh Árnaí a dtríú cluiche ceannais go dtí 1931.[2] Bhain Maigh Árnaí an bua amach  in aghaidh Dhroichead an Chaisleáin arís i gcluiche ceannais a mhaireann fós i gcuimhne na ndaoine sa cheantar. Bhuaigh siad le ceithre phointe. Tháinig scóir Mhaigh Árnaí ó Tomás ó Foghladh, Tomás de Butléir, Leo Tector, Séamus Mac Donnchadha, Ben Nugent agus Tom Furlong.[2] 

Bhí rath orthu arís sna blianta 1932 agus 1933. D’inis an phreas áitiúil dúinn gurbh é ceann de na ceanncluichí is fearr cluiche ceannais an tséasúir 1932 nuair a d’imir Maigh Árnaí i gcoinne Naomh Fiontán.[2] D’fhreastail timpeall 4000 daoine ar an gcluiche i bpáirc Loch Garman ar an lá grianmhar sin an chéad seachtain i Bealtaine 1933.[2] Bhuail Maigh Árnaí Naomh Fiontán le cúig phointí.[2] Bhí Tomás ó Foghladh agus Ben Nugent ina réaltaí d’fhoireann Mhaigh Árnaí, áfách, bhain gortú mór do Nugent agus cuireadh imreoir eile ina ionad.[2] Ciallaíonn an bua i séasúr 1933 gur bhain Maigh Árnaí an bua trí bliana as a chéile. D’imir siad a sean-iomaitheoirí, Droichead an Chaisleáin, nó na “Sally Beachers”. Bhuaigh siad ar bhealach compordach agus ba é an scór sa deireadh ná 4-4 go 1-1.[2] Ba é Tom Furlong an t-imreoir is fearr ar an lá sin, scóráil sé dhá chúl agus bhí lámh aige i gcúl eile.[2]  

Sna blianta 1935, 1936 agus 1937 ghnóthaigh Maigh Árnaí trí bhua sna cluichí ceannais san iománaíocht sinsear i ndiaidh a chéile arís. D’imir siad in aghaidh Naomh Fiontán i 1935.[2] Bhí an iománaíocht tapa agus corraitheach sa chluiche agus ba chúis dhíonmhar é an cluiche ach fuair Maigh Árnaí an bua.[2] Bhí an cluiche ceannais i 1936 in aghaidh Naomh Fiontán arís. Chríochaigh an cluiche ar comhscór.[2] D’éirigh le Maigh Árnaí san athimirt. Chuaigh siad san iomaíocht i gcoinne Naomh Fiontán i 1937 arís.[2] Bhí an t-ádh ar Mhaigh Árnaí arís le Ben Nugent ag imirt i stíl dochreidte arís. Bhuaigh Maigh Árnaí an lá sin agus iad i bhfad chun tosaigh.  Bhauigh Maigh Árnaí Naomh Abbáin CLG an trí as a chéile arís sna blianta 1940, 1941 agus 1942.[2] Bhí siad ag imirt in aghaidh Fearna sa chluiche ceannais seo. Bhí an t-ádh ar Mhaigh Árnaí an cluiche sin a bhuachaint. Ba chluiche an-fisiciúil é agus bhuaigh Maigh Árnaí mar thóg siad a seansanna scórála.[2]

Sna cluichí ceannais i 1941agus 1942 tháinig Maigh Árnaí amach mar an fhoireann is fearr arís. D’imir sé Fearna sa chluiche ceannais i 1941. Bhí Maigh Árnaí róláidir dá freasúra agus chríochnaigh an cluiche le scór 5-2 go 1-2.[2]

I 1942 bhí Rath an Iúir ina bhfreasúra. Ba iad an fhoireann a bhí ag teacht chun tosaigh  sna blianta sin le imreoirí mar Nicky Rackard, ceann de na himreoirí is fearr a mhair riamh. Mar a tharla, áfach,  ní raibh Ráth an Iúir ábalta stop a chur le Maigh Árnaí agus iad ar an slí chuig a dtríú trí as a chéile. Bhuaigh Maigh Árnaí agus iad 11 phointí chun tosaigh.[2] Bhailigh cúl báire Maigh Árnaí, Dick Eustace, a  haonú bhonn contae déag.[2] 

Na blianta is déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1995 bhuaigh Maigh Árnaí ceanncluiche peile sa chontae ar an leibhéal sóisearach agus bhuaigh siad an teideal peile idirmheánach sa bhliain ina dhiaidh sin. Rinne an club an rud céanna sna blianta 2010 agus 2011 ach b’shin san  iománaíocht.[3]

Níl aon dabht go bhfuil fonn mór sa chlub chun níos mó rath a ghnóthú agus beidh  siad ag súil go dóchasach leis na teidil idirmheánacha sa  pheil Ghaelach agus san iománaíocht a bhuachaint.[3]

Forbairt sa todhchaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainneoin go bhfuil rath go leor orthu ón am a cuireadh an club ar bun, tá Naomh Abbáin Maigh Árnaí ar cheann de na haonaid club CLG sa chontae nach bhfuil a n-áiseannna féin acu. Tá pleananna ann chun áiseanna nua a forbairt ó cheannaigh an club talamh in aice leis an ionad pobail agus is ar an talamh seo atá sé beartaithe  ag an club lárionad spóirt den scoth a fhorbairt ina mbeidh páirc imeartha lánmhéide, tuilsoilse, balla iománaíochta, dromchla cleachtach oiriúnach do gach aimsir, páirc imeartha bhréagach agus clubtheach nua ina mbeidh seomraí gléasta.[4] Chun é sin ar fad a dhéanamh, fuair Naomh Abbáin Maigh Árnaí CLG deontas mór suntasach ó Pháirc an Chrócaigh. Bhailigh an club airgead trína chistí airgid féin. Chuir an club crannchur mór le chéile agus bhailigh siad €140 000 ón raifil.[4] Fuair an club go leor airgid óna n-eachtra “An Rós amhainseach” freisin. Sa chiste airgid seo, gléasann buachaillí suas mar chailíní agus déanann siad píosaí páirtí chomh maith le bheith ag canadh amhráin nó ag damhsa. Faigheann an club go leor airgid ón gclub lotto. Tá súil ag  baill an chlub go gcabhróidh an fhorbairt seo le cur leis an spéis atá ag daoine óga ón gceantar áiseanna i gcumann lúthcleas gael a mhéadú agus chun níos mó rath a gnóthú.

Scór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is comórtas CLG é “Scór” a chuireadh na dathanna agus an iomaíocht atá ag baint le cluichí gaelacha le chéile leis an eilimint shóisialta agus leis an spraoi.[5]

Bhí suim mhór i gcomórtas “Scór” i gclub Maigh Árnaí sna hochtaidí agus sa bhliain  sin cuireadh coiste ar a raibh an tAthair Patrick Cummins, Donal O’Neill, Seamus Bradley, Joe Cooper, Paddy Whitty agus Jimmy Mcdonald chun an taobh “Scór” den chlub a eagrú.[2] Rinne go leor daoine as Maigh Árnaí ionadaíocht don chlub i gcomórtais scór sinsir agus scór na n-óg thar na blianta agus ghlac siad páirt sna hocht gcatagóirí dhifriúila, damhsa céilí, amhránaíocht aonair,grúpa balaidh, scéalaíocht, léiriú stáitse, ceoil ionstraime, rince seit agus tráth na gceist.[2] Ba í ceann de na daoine is éiremiúla as Maigh Árnaí ná Lorna Halpin a  bhuaigh ceanncluiche Laighean sa  scéalaíocht.[2] Bhí go leor rath ar Naomh Abbáin Maigh Árnaí  sa chomórtas ar leibhéal an chontae agus i Laighean.[2] Tá cúpla teideal i gcraobh Laighean faoi na beilteanna ag Bill Murray, Ray Furlong, Dolly Roche agus Ann Moore mar thoradh ar a léiriú stáiste dochreidte agus d’ionadaigh Joe Cooper a club agus a chontae ar eachtraí “scór” ar cúpla ócáid agus é ag cánadh an amhrán “The Ballyshannon Lane”.[2] Tá an fuinneamh seo fós beo sa chlub.  

Imreoirí suntasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Michael Furlong – Is peileadóir do Loch Garman é.

Kevin Doyle -        Is sean-imreoir sacair gairmiúil é

James Breen -       Is sean-imreoir iománaíochta agus peile do Loch Garman é

Eric Bradley-         Is sean-pheileadóir do Loch Garman é.

Jason Lawlor-        Is sean-imreoir iománaíochta agus peile do Loch Garman é.[2]

John Cooper -     Is sean-pheileadóir do Loch Garman é.[2]

Pat Barden -        Is iarpheileadóir do Loch Garman é. [2]  

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]