Na Blascaodaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Blascaodaí
Íomhá
CineálGrúpa oileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1411370 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°05′21″N 10°32′49″W / 52.089166666667°N 10.546944444444°W / 52.089166666667; -10.546944444444
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige292 m Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa oileán suite amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí is ea na Blascaodaí.[1] Níl éinne ina gcónaí ar na hoileáin ó d’aistríodh na daoine deireanacha amach ón mBlascaod Mór i 1953.

Na hOileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas na hoileáin:

Saibhreas Cultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an saol crua ar na Blascaodaí. Is ar an iascaireacht agus ar an bhfeirmeoireacht a mhair na daoine agus iad ag streachailt leis an aimsir lá i ndiaidh lae. De bharr na himirce agus an mheatha, tréigeadh an t-oileán uathúil seo go hiomlán in 1953.[2]

Tá cáil ar na hoileáin mar gheall ar an saibhreas cultúrtha a bhí ag baint le muintir na n-oileán. D’fhág pobal an oileáin lorg ollmhór cultúrtha ina ndiaidh.

Rinne dream acadúil ón taobh amuigh staidéir theangeolaíocha agus antraipeolaíocha ar na hoileánaigh.

Thaifead muintir na n-oileán saol a bpobail i sraith leabhar atá thar a bheith luachmhar mar thaifid shóisialta agus is seoda iad i litríocht na Gaeilge. Thug siad léargas ar an am atá caite. I measc na saothar seo, faightear An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

Na hoileáin

Ionad an Bhlascaoid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ionad oidhreachta agus músaem uathúil i nDún Chaoin, ar an ngob is faide siar de Chorca Dhuibhne.[2] Déantar stair agus oidhreacht an oileáin a cheiliúradh, le léiriúcháin idirghníomhacha, iarsmaí a bhain leis an oileán, meáin chlosamhairc agus saothair ealaíne.[3] Ta suas le 20 duine fostaithe in Ionad an Bhlascaoid agus tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an áit gach bliain.

Áilleacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pádraig Ua Maoileoin:

"Féachaimís uainn siar agus ó thuaidh. Tá an Tiaracht faoi raon ár súl, Inis Mhic Úibhlean ar ár gclé agus Inis Tuaisceart ar ár ndeis. Níor caitheadh a oiread scannán riamh le haon radharc ná mar atá caite le seo; cuireann sé draíocht ar dhaoine."

Muiris Ó Súilleabháin

"Bhí an Blascaod sínte siar díreach ar dhroim na mara, agus ba chosúil le long mhór í a bheadh ag réabadh na farraige ar gach taobh di, agus na Blascaodaí beaga ina thimpeall ar nós cráin mhuice go mbeadh a hál ina dhiaidh."

Tomás Ó Criomhthain

"Níor gá dhuit corraí as láthair do bhonn ón mullóg chun lán do scamhóg den ghaoth chumhra a ghlacadh, pé aird a mbeadh sí ag teacht. Bhíodh iontas orm cad fáth a mbíodh lucht na gcathrach ag sroichint a leithéid d'áit, ach níor ghá dom aon iontas a dhéanamh de."
"Leagas mo shúil sa timpeall ar muir agus ar talamh. Ní fheadar an raibh sé i gcumas aon tsúile eile corpartha faoin ngréin a oiread suaitheantais a fheiscint as aon lantán amháin is mar chonaic mo shúilese san am seo, agus gach iontas acu á chur in iúl dom gurbh é an Máistir Beannaithe a riaraigh iad...."

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Na Blascaodaí/The Blasket Islands | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-01.
  2. 2.0 2.1 "Ionad an Bhlascaoid Mhóir | Oidhreacht Éireann". heritageireland.ie. Dáta rochtana: 2022-06-28.
  3. Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2022-06-27). "Mórthaispeántas nua oscailte in Ionad an Bhlascaoid" (as ga).