Muinemón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMuinemón
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis bháisplá Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíFaildergdóid Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí na hÉireann ba ea Muineamhón (Sean-Ghaeilge Muinemón) mac Cas Clothach mhic Irárd mhic Rothechtaid mhic Ros mhic Glas mhic Nuadu Declam mhic Eochaid Faebar Glas.

Thug sé cabhair d'Fhiacha Fíonscothach um a athair Sétna Airt a mharú agus a éirí ina Ard-Rí. Fiche bliain ina dhiaidh sin, mharaigh sé Fiacha agus rinneadh Ard-Rí de féin. Deirtear gurbh i rith a réimis, a thosaigh lucht leanúna an rí toirc óir a chaitheamh thart ar a muiníl (d'fhéadfadh é go bhfuil a ainm féin fréamhaithe ó muin(eál)). Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana, sular éag sé den phlá ag Aidne i gConnacht. Tháinig a mhac Faildergdóid i gcomharbacht air.[1]

San aistriúchán Béarla le Stewart Macalister, insítear gur rí Dhairbre é Muineamhón.[2] I Collectanea de rebus hibernicis, aithníonn Charles Vallencey "Dairbre" mar Uíbh Ráthach, Contae Chiarraí.[3]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 231-233
  2. Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid V, lch. 501, R. A. Stewart Macalister.
  3. Collectanea de rebus hibernicis, Imleabhar 1, eag. Charles Vallencey, lch. 390 nasc Leabhair Google
  4. Foras Feasa ar Éirinn (1.26)
  5. Annála na gCeithre Máistrí M3867


Réamhtheachtaí
Fíachu Fínscothach
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1333–1328 RC
FFÉ 955–950 RC
Comharba
Faildergdóid