Aidhne
Críocha Uí Fhiachrach Aidhne (Uí Fiachrach Aidni) ba ea Aidhne (Sean-Ghaeilge Aidne), túath suite i gContae na Gaillimhe. Tá deoise Chill Mhic Dhuach ar chomhtheorainn le hAidhne mar a bhí ann.[1]
Teorainneacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá críocha Aidhne teoranta mar a leanas:
- Iarthar: Loch Lurgan agus barúntacht Bhiurne, Contae an Chláir
- Deisceart agus oirdheisceart: Contae an Chláir
- Oirthear: Sliabh Eachtaí, a ina theorainn idir críocha Uí Fhiachrach Aidhne agus críocha Uí Mhaine
- Oirthuaisceart: Maigh Uí Mhaine
- Tuaisceart: Maigh Mucraimhe, thart timpeall Bhaile Átha an Rí
- Iarthuaisceart: Mearaí (Medraige), Baile na Cúirte, i gcríocha Uí Bhriúin Seola.
Béaloideas agus stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa dinnseanchas, deirtear go bhfuil an ceantar ainmnithe Aidhne iníon Phartholóin agus a chéad mhná chéile, Topha. Bhí Aidhne pósta le Brec. Níos deireanaí, lonnaigh géag na bhFear Bolg i nAidhne.
Lonnaigh Túath mac nUmhóir i nDál gCais agus i nUí Fhiachrach Aidhne, faoi cheannas a deirtear Conall Cóel mac Aonghasa mhic Úmhóir.[2] Maraíodh Conall i gCath Maige Mucrama sa bhliain AD 195, agus adhlacadh é i nAidhne, i leacht darb ainm Carn Chonaill.
I measc dreamanna stairiúla eile i nAidhne, bhí san áireamh Ciarraí Óig Bheartha, Tadraí as Dubhros, Caonraí as Art Aidhne agus Uí Fhiachrach.[3]
Faightear i gCill Mhic Dhuach na paróistí sibhialta a leanas: Cinn Mhara, Cill Eithne, Cill Fhionnbharra, Droim Mucú, Cill Cholgáin, Ard Raithin, An Sráidbhaile (Gaillimh), Cill Fhínín, Cill Fhaoile, Cill Órtha, Cill Ó gCillín, Cill Chríost, Díseart Ceallaigh, Cill Fhíonáin, Cill Tómais, Cill Bheaganta, An Bheitheach, Cill Tartan.
Tagairtí sna hAnnála
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ACM 938.13: Aralt ua h-Iomhair, .i. mac Sitrioca, tighearna Gall Luimnigh, do mharbhadh i c-Connachtaibh lá Caenraighibh Aidhne.
- ACM 1033.9: Maidhm etir Ele & Ui Fiachrach Aidhne, i t-torchair Braen Ua Clérigh, & Muiredhach mac Giolla Pattraicc co sochaidhibh oile.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 2, G100005B, ar Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Connellan, Owen (1860). "The Proceedings of the Great Bardic Institution". Johnson Reprint Corporation.
- ↑ Dubhaltach Mac Firbhisigh, Leabhar na nGinealach
- ↑ Society, Irish Archaeological (1844). "The Irish Archaeological Society".