Mira
Jump to navigation
Jump to search
Réalta i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir a ndearnadh taifeadadh uirthi den chéad uair i 1596, ach a aithníodh mar réalta athraitheach i 1638. Fathachréalta dhearg a athraíonn le tréimhse 331 lá ó mhéid 10 suas go dtí 2. Bhain sí méid 1.2 amach i 1779, i measc an 20 réalta is gile sa spéir. Is í an chéad shampla de réaltaí ar leith iad athraithigh Mira, réaltaí athraitheacha fadtréimhseacha le tréimhsí chomh fada le míonna nó níos mó.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |