Meg Connery

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMeg Connery
Beathaisnéis
Breith1879
Cathair na Mart, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1956
76/77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí ar son cearta vótála Cuir in eagar ar Wikidata

Ba shufraigéid Éireannach í Meg Connery (1879-1956). Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó. Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún agus briseadh a srón agus í istigh sa phríosún.[1]

Margaret Connery ar chlé agus Alice Paul, 1925

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Margaret Connery née Knight i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Ba é Con Connery an fear céile aici agus phós siad agus í ina fichidí. Is beag eolas atá againn fúithi roimh a rannpháirtíocht san Irish Women 's Franchise League. D'oibrigh Connery le Hanna Sheehy-Skeffington agus ba leas-cathaoirleach an Irish Women's Franchise League í.

Tá cáil aici as a cuid gníomhaíochta, ag briseadh fuinneoga agus ag caitheamh clocha, chomh maith le léiriú polaitiúla, ag obair ar an Irish Citizen agus nuair a chuireadh i bpríosún í ar son na cúise. Tá clú áirithe uirthias an ngrianghraf a ghlacadh di ag tabhairt cóipeanna den Irish Citizen do Bonar Law agus do Sir Edward Carson.[2][3][4][5]

Príosúnacht agus léirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cheap Connery go mbeidh mná ag caitheamh a gcuid vótaí i mbealach difriúil ná fir, nó go mbeidís ag baint úsáid as a vóta a chaitheamh i mbealach níos éifeachtaí. Bhí sí i gcoinne an caighdeáin dúbailte a tharla idir mná agus fir. Scríobh sí faoin ábhar sin san Irish Times níos mó ná uair amháin.[2][3][6][7][8][9][10][11]

In Ireland, as elsewhere, public morals must continue in an unhealthy state while we tolerate the shameful double moral standard

Cé go raibh sí curtha i bpríosún go rialta le haghaidh scriosadh maoine bhí Connery go hiomlán i gcoinne úsáid foréigin chun an vóta a fháil. Cuireadh i bpríosún í ar feadh seachtaine i mí na Samhna 1911 tar éis léiriú agus cuireadh arís í i mí na Samhna 1912 nuair a bhí sí in éineacht leis an ngrúpa a bhris fuinneoga ag Teach an Chustaim. I 1912 rinne sí trasnáil ar Winston Churchill. I 1914 d'eagraigh Connery na chéad óráidí ar ceart vótála na mban i Longfort, Liatroim agus Ros Comáin. I mí Eanáir 1913 bhris sí fuinneoga Chaisleán Bhaile Átha Cliath arís agus gabhadh í, agus an uair seo chaith sí mí i bpríosún. Le linn an ama seo, agus í i dTulach Mhór, chuaigh na mná ar stailc ocrais mar chuid den a n-éileamh le bheith caite mar phríosúnaigh pholaitiúla. D'fhulaing ceann de na príosúnaigh eile, Hoskins, as cliseadh croí agus scaoileadh í. D'éirigh leis na mná eile. Chaill Connery leanbh i mí Meithimh 1914. As sin amach thosaigh a cuid sláinte ag dul in olcas.[2][3][6][7][8][9][10][11]

Bás agus cuimhne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil. Ní raibh leanaí aici agus d'imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá. Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnocán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí.[1]

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí agus foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-04-05). "Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Cambridge University Press.
  3. 3.0 3.1 3.2 Dublin City Council 1913.
  4. Moriarty 2013.
  5. History Ireland 2013.
  6. 6.0 6.1 Ryan & Ward 2018, p. 29.
  7. 7.0 7.1 Catalogue 1919.
  8. 8.0 8.1 Ward 2017.
  9. 9.0 9.1 Steele 2007, p. 179.
  10. 10.0 10.1 Luddy 1995, p. 277.
  11. 11.0 11.1 Reynolds 2007, p. 82.