Marielle Franco
Gníomhaí ar son cearta daonna agus polaiteoir Brasaíleach ab ea Marielle Francisco da Silva, nó Marielle Franco mar ab fhearr aithne uirthi (27 Iúil 1979 – 14 Márta 2018).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Franco bainteach leis an Partido Socialismo e Liberdade (PSOL, Páirtí an tSóisialachais agus na Saoirse). Toghadh í mar chomhairleoir i dtoghchán na cathrach in Rio de Janeiro sa bhliain 2016 leis an gcúigiú áireamh vótaí ab airde sa chathair.
Sheas sí i gcoinne na ndrong coiriúil sna favelas inar rugadh agus tógadh í agus cháin sí lámh láidir an rialtais feidearálaigh agus na bpóilíní míleata sna chomharsanachtaí bochta céanna. Cháin sí go rialta mí-úsáid na bpóilíní i gcoinne lucht na favelas.
Ar an 14 Márta 2018, lámhachadh í. Tháinig na piléir as baisc a cheannaigh na póilíní i mBrasilia sa bhliain 2006.

Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuir síos ar mharú Marielle Franco ar shuíomh The Guardian, 15 Márta 2018, arna rochtain ar 23 Márta 2018