Maratón Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMaratón Átha Cliath
Íomhá
Cineálmaratón
imeacht spóirt féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1980 - 
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata


Maratón bliantúil a ritear i mBaile Átha Cliath is ea Maratón Átha Cliath. De ghnáth, tionóltar é ar an Luan deireanach de mhí Dheireadh Fómhair (is lá saoire é in Éirinn) cé gur tionóladh an maratón an lá roimhe sin sa bhliain 2015.

John Bolger, 1990
2006
Reathaithe i Maratón Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2006
205

Leanann an maratón bealach atá réasúnta mín. Tosnaíonn na reathaithe ag Cearnóg Mhic Liam, i lár na cathrach, agus críochnaíon siad i gCearnóg Mhuirfean. Ní athraítear cúrsa an mharatóin ach beagáinín ó bhliain go bliain. Le tamall de bhlianta anois, téann an rás i dtreo tuathalach timpeall na cathrach, píosa de trí Pháirc an Fhionnuisce.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Noel Carroll, fear gnó, a chuir an chéad mharatón ar bun sa bhliain 1980.

Sa bhliain 2007 ghlac timpeall is 11,000 duine páirt ann, a leath díobh ó thíortha eile.

Sa bhliain 2015, ba é Alemu Gemuchu, ón Aetóip, a bhuaigh rás na bhfear. 2:14:02 an t-am a bhí aige. Ba í Nataliya Lehonkova, ón Úcráin, a bhuaigh i measc na mban agus 2:31:09 aicise.

Cuireadh maratón na bliana 2020 ar cheal de bharr na ráige COVID-19.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2020-05-19). "Maratón Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal" (as ga). 
  2. "KBC Dublin Marathon" (en). KBC Dublin Marathon 2021. Dáta rochtana: 2021-04-19.