Maratón Chathair Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMaratón Chathair Nua-Eabhrac
Íomhá
Cineálimeacht spóirt féiltiúil
maratón Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1970 - 
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintcsnycmarathon.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: nycmarathon Twitter: nycmarathon Cuir in eagar ar Wikidata

Rás reathaíochta fad-achair bliantúil a thionóltar i gCathair Nua-Eabhrac is ea Maratón Chathair Nua-Eabhrac (scríofa go minic mar TCS New York City Marathon agus roimhe sin ING New York City Marathon mar aitheantas do chomhlachtaí urraithe, mar atá, Tata Consulting Services agus ING Bank). Is é an maratón is mó ar domhan é, agus 50,304 duine páirteach ann sa bhliain 2013.

Cúrsa an mharatóin trí chúig bhuirg na cathrach

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fourth Avenue, Brooklyn

An New York Road Runners Club a eagraíonn Maratón Chathair Nua-Eabhrac.

Tosnaíonn an maratón ar thaobh Oileán Staten den Droichead Verazzano-Narrows. Leanann an cúrsa trí achan cheann de chúig bhuirg na cathrach go dtí an ceann scríbe sa Pháirc Lárnach i Manhattan.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

2014

Tionóladh gach bliain é ó 1970 anuas, seachas sa bhliain 2012 nuair a cuireadh ar ceal é de bharr Hairicín Sandy, agus 2020 de bhar COVID.

Reáchtáladh an rás den chéad uair ar 12 Meán Fómhair 1970. Ghlac 126 lúthchleasaí páirt sa rás, ..agus bean amháin (ní raibh cead ag na mná páirt a ghlacadh sna maratóin timpeall an ama seo... féach mar shampla ar Maratón Bhostúin). Níor chríochnaigh ach 55 as 127 sa rás sa bhliain 1970 Ní raibh siad sách ullamh is cosúil.

Sa bhliain 1984, cuireadh comhionannas inscne i bhfeidhm ː Bhí na duaiseanna airgid $800,000 san iomlán agus ionannas airgid le fáil ag na mná.[1]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chríochnaigh Sinéad Diver, bean Ghaeltachta as Maigh Eo (as Béal an Mhuirthead ó dhúchas di (ach ina cónaí san Astráil), in am 2:26:23. Bhí áit bainte amach aici ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo de bharr an ghaisce sin.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "How the NYC Marathon Works" (en-us). HowStuffWorks (2010-07-14). Dáta rochtana: 2022-09-13.
  2. Pádraic Ó Ciardha (4 Samhain 2019). "Bean Ghaeltachta sa chúigiú háit i Maratón Nua-Eabhrac" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-13.
  3. "TCS New York City Marathon" (en-US). www.nyrr.org. Dáta rochtana: 2021-04-19.