Jump to content

Maratón Bhostúin

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMaratón Bhostúin
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 42° 22′ N, 71° 04′ O / 42.36°N,71.06°W / 42.36; -71.06
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Boston Marathon Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálimeacht spóirt féiltiúil
maratón Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deWorld Marathon Majors Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1897 - 
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBostún Mór, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíBoston Athletic Association (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtmarathon running (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinbaa.org… Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: BostonMarathon X: bostonmarathon Instagram: bostonmarathon Cuir in eagar ar Wikidata

Rás reathaíochta fad-achair bliantúil a thionóltar i mBostún is ea Maratóin Bhostúin, ceann de na maratóin is cáiliúla ar fud na cruinne.

1910
Bealach
Ionsaí ar Kathrine Switzer, 1967
Shirley Reilly, a bhuaigh an rás i 2012
Físeán, 2013: an buamálaí ar a bhealach

Reáchtáladh Maratón Bhostúin den chéad uair ar 19 Aibreán 1897. Bhuaigh John McDermott, de shliocht Éireannach, an rás[1] (tugadh an 'B.A.A. Road Race' air ag an am).

Sa bhliain 1946, tar éis an chogaidh, chinn Stelios Kyriakides páirt a ghlacadh arís i Rás Bhostúin tar éis briseadh ocht mbliana, is gan aon traenáil cheart déanta aige. Agus d’úsáidfeadh sé an ócáid le hairgead agus soláthairtí bia a bhailiú dá thír dúchais. Meastar gurb é Kyriakides a rith an chéad rás maratóin ‘carthanachta’ ariamh i mBostún. Bhuaigh sé an rás in 2:29:27 – b’in 14 nóiméad níb fhearr ná an aon am a bhí rite aige féin go dtí sin.

Sa bhliain 1967, d’éirigh le Kathrine Switzer Maratón Bhostúin a rith ó thús go deireadh agus í cláraithe faoin ainm neodrach ‘K. V. Switzer’, d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne feidhmeannaigh í a bhaint den rás.[2][3][4][5] I ndiaidh na heachtra, cuireadh cosc foirmiúil ar mhná a bheith ag rásaíocht.

Ní raibh cead ag mná páirt a ghlacadh sa rás go dtí 1972 nuair nár chláraigh ach naonúr ban fána choinne. Idir 1887-2009, níor ceapadh ach bean amháin mar uachtarán ar an bhord gobharnóirí.[2] Ach sa bhliain 2018, rith 13,684 bean i mBostún.

2013, roimh na pléascanna

Tharla Buamáil Bhostúin ar an 15 Aibreán, 2013, Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.[6]

Slua ollmhór arís in 2014

Ar an 29 Bealtaine 2020, d’fhógair Méara Bhostúin Marty Walsh agus an Boston Sports Association gur cuireadh Maratón Bhostúin siar go dtí 14 Meán Fómhair 2020 de bharr COVID, ach cealaíodh an rás faoi dheireadh.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "John McDermott (runner)" (as en) (2021-02-01). Wikipedia.
  2. 1 2 Medb Ní Dhúláin (2019). "20x20: Cothromaíocht na mban i gcúrsaí spóirt < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  3. Victor Mather (2017-04-17). "First Woman to Enter Boston Marathon Runs It Again, 50 Years Later" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  4. "The Real Story - Kathrine Switzer - Marathon Woman" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-20. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  5. "Kathrine Switzer, Pioneering Boston Marathon Runner, on Fight to Stay in 1967 Male-Dominated Race" (as en) .
  6. AN SAOL Ó DHEAS / RnaG (2013). "Liam O Néil; Maratón Bhostún" (ga-IE). RTE Raidió. Dáta rochtana: 2022-09-13.
  7. "Fógraíodh BAA: Cealaíodh 124ú Maratón Boston". Bronntanais Bronntanais Co, Ltd.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-19. Dáta rochtana: 2021-04-19.