Manuel Azaña
Ba pholaiteoir Spáinneach é Manuel Azaña Díaz (as Alcalá de Henares, in aice le Maidrid, 10 Eanáir 1880 – 3 Deireadh Fómhair 1940, Montauban, An Fhrainc). Toghadh é mar an dara uachtarán (agus an uachtarán deireanach) ar Dara Poblacht na Spáinne (10 Bealtaine 1936 - Aibreáin 1939).
Bhí sé ina aire cogaidh sa chéad rialtas den Phoblacht (Aibreáin-Meitheamh 1931), agus ina phríomhaire idir Deireadh Fómhair 1931 agus Meán Fómhair 1933 agus fós sa bhliain 1936.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Azaña staidéar sa Universidad Complutense, Institiúid Cisneros agus Agustinos in El Escorial. Fuair sé céim sa dlí ó ollscoil Zaragoza sa bhliain 1897. Thug an Universidad Complutense dochtúireacht dó sa bhliain 1900. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí Azana ag obair mar aturnae.
Thaistil Azaña go Páras sa bhliain 1911.
Chuaigh Azaña isteach sa Pháirtí Poblachtach, páirtí de chuid na heite clé, sa bhliain 1914 agus Melquíades Álvarez ina cheannaire. Chabhraigh sé le nuachtán a chuir ar fáil, an El Imparcial agus níos déanaí El Sol.
I rith An Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí Azaña mar iriseoir ar an bhFronta Thiar. Deirtear gur thug faisnéis mhíleata na Fraince airgead dó.
Níos déanaí bhunaigh sé an Pluma (iris) le deartháir a bhean chéile, Cipriano Rivas Cherif) agus bhí sé i mbun España idir 1920 agus 1924.
Bhí Azaña mar rúnaí ar Ateneo de Madrid (1913-1920), agus mar uachtarán air sa bhliain 1930. Bhí sé mar iarrthóir sna toghcháin don cúige Toledo sa bhliain 1918 agus 1923, ach theip air. Sa bhliain 1926 bhunaigh sé Acción Republicana le José Giral.
Bhí Azaña i gcoinne an deachtóra Miguel Primo de Rivera; d'fhoilsigh sé forógra i gcoinne an deachtóra agus Rí Alfonso XIII sa bhliain 1924. Níos déanaí ghlac sé páirt i gcomhaontú San Sebastián sa bhliain 1930.
Tofa ar bhonn daonlathach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eagraíodh toghcháin ar an 12 Aibreán 1931 agus ceapadh Azaña mar aire cogaidh sa chéad rialtas den Phoblacht (Aibreáin-Meitheamh 1931), agus ina phríomhaire idir Deireadh Fómhair 1931 agus Meán Fómhair 1933 agus fós sa bhliain 1936.
Ar 2 Feabhra 1939, cothrom 3 bliana a mbua toghchánaíochta beagnach, ag an bhFronta Pobail, bhí Azaña ar deireadh ag tabhairt suas na hUachtaránachta ar an Dara Poblacht.[2] In oifig, 1931-1939, bhí sé deacair dó an teoiric a chur ag obair go praiticiúil.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Theith na Poblachtánaigh en masse sa bhliain 1939 (níos mó ná 500k!), Azaña ina áireamh. Fuair na mílte bás i gcampaí géibhinn sa Fhrainc [3] Croíbhriste, d'éag Azaña ar an 3 Deireadh Fómhair 1940 i Montauban.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Séamas de Barra (Feabhra 2017). "'An Spáinn i gcoinne na Spáinne'. Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa, Feasta]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-08. Dáta rochtana: 2021-10-03.
- ↑ Séamas de Barra (Samhain 2016). "An Coirnéal Segismundo Casado López, agus bua Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne (1936–1939). Feasta 69 (11), lch 14-17.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-16. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Internment camps in France" (as en) (2021-07-04). Wikipedia.