Máire na hÉigipte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Máire na hÉigipte, le José de Ribera
Máire na hÉigipte
Mary of Egypt.gif
Saol
Eolas breithe Cathair Alastairc. 344
Náisiúntacht An tSean-Róimh
Bás An Phalaistínc. 421
Gairm
Gairm striapach agus Díthreabhach
Áit oibre An Phalaistín
Féile
1 Aibreán
Cleamhnú
Reiligiúin An Chríostaíocht

Mhair Máire na hÉigipte, naomh Críostaí, sa cheathrú / cúigiú haois AD (timpeall 344 - 421 AD). Bhí an-chlú uirthi san Iarthar sa Mheánaois agus tá adhradh fós uirthi san Eaglais Cheartchreidmheach. Tá scéal a bheatha beag beann ar an stairiúlacht a bhain léi, má bhí a leithéid riamh ann.[1][2]

17ú haois, Beliy Gorod

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Máire san Éigipt tuaraim is 344. D'éalaigh sí óna baile féin agus dá bhliain déag aici agus chuaigh sí leis an striapachas. Bean ainrianta agus dhrúisiúil, fágadh ina bean déirce í i gCathair Alastair Mhóir.

De réir an Vita (beatha) a scríobh Soifriónias,[3] tar éis seacht mbliain déag mar seo, chuaigh Máire ar oilithreacht go Iarúsailéim, agus í ag iarraidh gníomh mór aithreachais a dhéanamh. Nuair a shroich sí Iarúsailéim, níor éirigh léi dul isteach i dTeampall an Tuama Naofa go dtí gur ghuigh sí do Muire Máthair Dé ag iarraidh maithiúnas.

Chuala Máire guth a insint di dul don taobh eile den Iordáin chun síochána a fháil. Rinne sí amhlaidh agus chuaigh sí chuig faoistin i mainistir Eoin Baiste. Thrasnaigh sí an Iordáin athuair agus chaith sí a saol mar dhíthreabhach sa ghaineamhlach.

I15ú haois (British Library), 1400idí sa Fhrainc[4]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairim is bhliain sula a d'éag sí, chas Sosimus Naofa uirthi agus d'inis sí scéal a bheatha dó. Bí sí lomnocht ag an am agus ní raibh sé soiléir do Sosimus ar dtús an duine a bhí inti. D'iarr sí ar an bhfear naofa a bhrat a thabhairt di.

Tar éis di a scéal a insint, d'iarr sí air teacht ar ais ar an Déardaoin Mandála dár gcionn. Rinne sé dá réir agus tháinig Máire chuige ag siúl ar uisce na hIordáine.

D'imigh Sosimus ar ais don áit bliain ina dhiaidh sin agus tháinig sé ar a corp. Bhí teachtaireacht scríofa sa ghaineamh go bhfuair Máire bás an oíche a ghlac sí comaoineach uaidh. Mar sin féin, ní raibh a corp loite. Chuir Sosimus corp Mháire le cabhair ó leon a tháinig air ag an bpointe sin. De réir an traidisiún Caitliceach, tharla sé sin sa bhliain 421.

Ceiliúradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceiliúrtar féile Máire na hÉigipte ar an 1 nó 3 Aibreán san Eaglais Caitliceach[5][6] agus ar 1 Aibreán agus ar an gcúigiú Domhnach sa Charghais Mór san Eaglais Ceartchreidmheach.

In ealaíon, taispeántar Máire mar sheanbhean nocht le gruaig sár-fhada.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alice-Mary Talbot. "Holy Women of Byzantium: Ten Saints’ Lives in English Translation". 1lib.domains. Dáta rochtana: 2022-04-03.[nasc briste go buan]
  2. "Investigating Mary Magdalen: Mary of Egypt". arthistoryresources.net. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  3. "Sophronius of Jerusalem" (as en) (2022-03-22). Wikipedia. 
  4. C. Wight. "Image of an item from the British Library Catalogue of Illuminated Manuscripts". www.bl.uk. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  5. "CATHOLIC ENCYCLOPEDIA: Saint Mary of Egypt". www.newadvent.org. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  6. "St Mary of Egypt - Colonnade Saints". stpetersbasilica.info. Dáta rochtana: 2022-04-03.