Máire Ní Aodáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Ní Aodáin
Beathaisnéis
Breith1862
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1942
79/80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann (–1887)
Coláiste Alexandra Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, gníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Staraí, gníomhaí teanga, oideachasóir agus feimineach ab ea Máire Ní AodáinMary Hayden (19 Bealtaine 186212 Iúil 1942), an chéad Ollamh le Nua-Stair i gCOBÁC,[1]

Staraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Úna Ní Fhaircheallaigh ina luí ar Mháire Ní Aodáin iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Shinsearach na hOllscoile Ríoga, mar iarracht dúshlán a thabhairt don tuairim go raibh scoláirí ban neamh-incháilithe le haghaidh dámhachtainí den sórt sin.

Foilsíodh 'A short history of the Irish people from the earliest times to 1920' le Mary Hayden and George Moonan sa bhliain 1921, an leabhar staire ba mhó díolachán riamh in Éirinn.[2] Ba é an téacsleabhar oifigiúil sna meánscoileanna é ar feadh breis agus 30 bliain.[3]

Sufraigéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Samhain 1915, bhunaigh Mary Hayden, in éineacht le Mary Louise Gwynn, an Cumann Caitliceach um Cheart Vótála do Mhná.[4]

Oideachasóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Hayden an-díograiseach ag cur oideachais do mhná chun cinn. I 1902, in éineacht le Úna Ní Fhaircheallaigh, chabhraigh sí leis an gCumann Céimithe na mBan agus Ábhair Chéimithe a bhunú, d’fhonn comhdheiseanna san oideachas ollscoile a chur chun cinn.

Bhí Hayden ina stiúrthóir ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann.

Gníomhaí Gaeilge =[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dúil ag Hayden in athbheochan na Gaeilge. Ba bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge í. Foilsíodh i 1910 a leabhrán 'Facts about the Irish language and the Irish language movement'.[5]

Deirtear gurbh í an cara mná ba mhó ag an bPiarsach í. Bhí sí ina stiúrthóir aige ar bhord Scoil Éanna.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor phós Hayden riamh. Bhí sí geallta le Arthur Conan (1866-1903). Bhí seisean i ndrochshláinte agus d’éag sé san Afraic Theas ar an 13 Lúnasa 1903.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mary Hayden (1862–1942), historian and feminist". History Ireland (2013-03-03). Dáta rochtana: 2020-11-05.
  2. "A Short History of the Irish People. Part I. From the Earliest Times to 1603. Part II. From 1603 to 1924." (en). www.naughtonsbooks.com. Dáta rochtana: 2020-11-05.
  3. "NÍ AODÁIN, Máire (1862–1942)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-05.
  4. centenaries.ucd.ie (2016). "Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
  5. Mary Hayden (1920). "Facts about the Irish language and the Irish language movement: Issued by the Gaelic League of Ireland for the information of the members of the Irish Home-Going Association and of other visitors". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-11-05.