Máel Dúin mac Fergusa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáel Dúin mac Fergusa
Beathaisnéis
Bás785 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairFergus mac Fogartaig
SiblínAilill mac Fergusa agus Cernach mac Fergusa

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Maol Dúin mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Fergusa) (bás 785). Fearghas mac Fógartaigh (bás 751), iar-rí, ba ea a athair, Fógartach mac Néill (bás 724), Ardrí, a sheanathair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 778 go dtí 785.

Bhí feachtas déanta ag an Ardrí, Donnchadh na Mí (bás 797), éadan na Laigean sa bhliain 780, agus ansin rinne sé síocháin. An bhliain dár gcionn, tharla Cath Rig idir Síol Aodha Sláine agus the Uí Garrchon na Laigean agus maraíodh a rí, Cú Chongelt mac Con Mella.[2] Bhí Breá curtha faoina smacht ag Donnchadh sa bhliain 778, ach ní insítear sna annála Éireann an é go raibh chuid de fheachtas Donnchadha a bhí i gceist, nó dúshlán ar thaobh fhir Bhreá, iad sin nó aighneas teorann ach amháin. Tá sé suntasach go raibh an dá chlann Shíol Aodha Sláine, Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing, ag troid le chéile. Bhí Maol Dúin agus a chol ceathrar, Fógartach mac Cumascaigh (bás 786) ina gceannairí mhuintir Uí Chernaig sa chath úd.

Tugtar an teideal rí Loch Gabhair (rex Locha Gabor) ar Mhaol Dúin ina thásc sna hannála, an chéad uair a fheictear an teideal seo iontu.[3] Rinneadh ríthe Loch Gabhair fosta dá mhic, Aonghas (bás 825) agus Cairbre (bás 836).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 781.4
  3. AU 785.1