Jump to content

Llyfr Coch Hergest

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLlyfr Coch Hergest
(en) Brut y tywysogyon : or The chronicle of the princes : Red Book of Hergest version Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcoidéacs, lámhscríbhinn agus saothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Údarúdair éagsúla Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Bhreatnais Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1382
CodannaHistoria Regum Britanniae
Four Branches of the Mabinogi (en) Aistrigh
Meddygon Myddfai
Amlyn ac Amig (en) Aistrigh
Lludd a Llefelys (en) Aistrigh
Welsh Triads (en) Aistrigh
Ystorya de Carolo Magno (en) Aistrigh
Breuddwyd Rhonabwy (en) Aistrigh
The Chronicle of the Princes
Proffwydoliaeth Sibli Ddoeth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is lámhscríbhinn ársa í Llyfr Coch Hergest (Gaeilge: Leabhar Dearg Hergest) sa Bhreatnais, a scríobhadh timpeall 1382 -1410. Tá sí ar cheann de na príomhfhoinsí d'fhinscéalta an Mabinogi agus tá roinnt téacsanna próis Meán - Bhreatnaise eile agus mír thábhachtach de dhánta ann freisin. Tá an saothar eagraithe go han-mhaith agus cuimsíonn sé Prós, filíocht, saothair dhúchasacha, oiriúnuithe ó theangacha eile agus aistriúcháin.[1]

Tagraítear dó mar 'an cnuasach lámhscríbhinní aonair is saibhre de litríocht mheánaoiseach na Breataine Bige' (Lewis 1971: 481), 'leabharlann in aon imleabhar amháin ', agus gan amhras an ceann is troime de na leabhair mheánaoiseacha sa Bhreatnais, an ceann is mó ó thaobh toisí de....... agus is tibhe Huws (2000: 82).[nóta 1]

Tá sraith englynion[nóta 2] ar caomhnú ann a cumadh i lár na 9ú haoise a bhain le Powys, limistéir tábhachtach in oirthear agus lár na Breataine Bige, agus coimhlint ar siúl idir na Breatnaigh agus fir Mhercia. Roinntear iad seo ina ndá chuid: Canu Llywarc Hen (Dán nó Filíocht Llywarch Hen), faoi fhile a mhair sa 6ú haois, i ré Taliesin agus Aneirin; agus Canú Heledd (filíocht Heledd), faoi chailín "ag caoineadh ag fothraigh an árais ríoga a bhí ag a deartháir, Cynddylan."[2]

Ba lámhscríbhinn i bpáirt é Leabhar Bán Hergest a scríobh Lewis Glyn Cothi, ach sa bhliain 1810 scriosadh é i dtine.

Bhí sé i seilbh an duine uasal agus pátrún Hopcyn ap Tomas ó Ynysforgan agus Ynysdawe ag tús an 15ú haois. Is eol go raibh seilbh aige ar Llyfr Coch Hergest mar go bhfuil taifid ann mar gheall air leis an athscríobhaí gairmiúil Hywel Fychan ap Hywel Goch ó Fuellt, agus is féidir gur do Hopcyn ap Tomas ab Einion as Ynysforgan i gCwm Tawe a dhréachtaigh an lámhscríbhinn sin. Is cosúil go ndearna sé go leor oibre do Hopcyn agus níl níos lú ná cúig óid do Hopcyn sa Leabhar Dearg chomh maith le saothar le: Llywelyn Goch ap Meurig Hen, Dafydd y Coed, Madog Dwygraig, Meurig ab Iorwerth agus Ieuan Llwyd ab Gargam. Ina theannta sin, tá Óid ag Y Proll dá mhac Tomas ap Hopcyn, é féin ina phátrún ar fhilí cáiliúla.[3]

Tagann ainm an leabhair as an bhfíric go bhfuil sé ceangailte le leathar dearg, agus a nasc le aige le Plas Hergest i Swydd Henffordd (Béarla: Herefordshire). Is cosúil gur tháinig sé i seilbh John Vaughan, as Dre-tŵr sa bhliain 1465 agus go ndeachaigh sé as sin go Hergest. Bhí sé i seilbh an teaghlaigh go dtí tús an 17ú haois agus is é sin an fáth a fuair sé an t-ainm. Thug an tUrr. Thomas Wilkins an leabhar do Choleg Yr Iesu (Gaeilge: Coláiste Íosa), Oxford sa bhliain 1701, agus tá sé ar coimeád i Leabharlann Bodley, Ollscoil Oxford, agus tá sé digitithe faoi cheadúnas oscailte.

  • Scéal dared
  • Stair Regum Brittaniae (Brut Geoffrey of Monmouth)
  • Brut na bPrionsa
  • Ystorya de Carolo Magno agus finscéalta eile faoi Charlemagne
  • Íomhá an Domhain
  • Finscéalta de sheachtar ciallmhar na Róimhe
  • Aisling Rhonabwy
  • Rogha Triúr
  • Ceithre Shnáithe na Mabinogi
  • Scéal Bown of Hamtwn
  • Téacsanna Dochtúirí Myddfai
  • Amlyn agus Amig
  • Téacs ó cheann de ghramadach na bhfilí
  • Bailiúchán seanfhocal Breatnaise
  • Téacsanna shaothair roinnt d’ Fhilí an Phrionsa
  • Téacsanna dánta eile, le cuid d’ fhilí an 14ú haois
"Y deilen honn, neus kenniret gwynt.
Gwae hi o'e thynghet!
Hi hen; eleni ganet."
―Sliocht as Can Yr Henwr (Amhrán a tSeanóra) i Llyfr Coch Hergest[4]
"An duilleog seo, tá an ghaoth á tiomáint.
Is mairg a cinniúint!
Tá sí sean; i mbliana a rugadh í."
―aist. Máirín Ní Mhuiríosa[4]
"Stavell Gyndylan ys tywyll heno,
Heb dan, heb wely.
Wylaf wers; tawaf wedy.
Stavell Gyndylan ys araf heno,
Gwedy golli y hanaf.
Y mawr drugarawc Dvw, pa wnaf?."
―Sliocht as Canú Heledd (filíocht Heledd) i Llyfr Coch Hergest[4]
"Áras Cynddylan is dorcha anocht,
gan tine, gan leaba.
Caoinfead seal; bead i mo thost iar sin.
Áras Cynddylan is ciúin anocht
tar éis bás a thosaigh.
A Dhia Mhór thrócairigh, cad a dhéanfad?."
―aist. Máirín Ní Mhuiríosa[4]
  1. Gwyddoniadur Cymru; Gwasg y Brifysgol; 2008; lch.577
  2. Ní Mhuiríosa (1972), lch 38–41
  3. "R. Iestyn Daniel 2002"
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Ní Mhuiríosa (1972), lch 41
  1. (Béarla: 'the richest single manuscript compilation of medieval Welsh literature' (Lewis 1971: 481), a 'one-volume library', and 'by far the heaviest of the medieval books in Welsh, the largest in its dimensions... and the thickest' Huws (2000: 82).)
  2. uatha: englyn .i. véarsa de thrí nó ceithre líne

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]