Meddygon Myddfai
Appearance
Dochtúirí ba ea Meddygon Myddfai, a raibh cónaí orthu i Myddfai na Breataine Bige.
Sráidbhaile is ea Myddfai i Sir Gaerfyrddin (Carmarthenshire). Bhí siad ann ó thús an 13ú céad go 1739.
Is é Rhiwallon Feddyg (fostaithe ag Rhys Gryg, tiarna Dynevor agus Ystrad Towy) an chéad ainm a bhfuil trácht air. Tháinig a mhic (Cadwgan, Gruffydd agus Einon) i gcomharbas air. Is iomaí leigheas luibe a bhíodh acu.
Lean an traidisiún seo ar aghaidh ar feadh tuairim is 500 bliain. Nuair a cuireadh David Jones (1719)) agus John Jones (1739) in eaglais an pharóiste, tháinig deireadh leis an líne fhada.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Physicians of Myddvai = Meddygon Myddfai: or, the medical practice of the celebrated Rhiwallon and his sons of Myddvai, in Carmarthenshire ... cyfieithwyd gan John Pughe, golygwyd gan John Williams (Ab Ithel) (Llanymddyfri, 1861).
- Nesta Lloyd a Morfydd E. Owen (gol.), Drych yr Oesoedd Canol (Caerdydd, 1986).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |