Liam Mac Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Mac Néill
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1774
Bás26 Aibreán 1821
46 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Thóg an Eaglais Phreispitéireach seo i Ráth Deamáin sa bhliain 1787

Áirítear Uilliam Mac NéillLiam Mac Néill (Béarla: William Neilson) ar dhuine de na scoláirí Preispitéireacha ba cháiliúla i gCúige Uladh lena linn. Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid.[1] Saolaíodh i Ráth Deamáin[2], An Chill Mhór i gContae an Dúin é ar an 12ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1774. Fuair sé bás i mBéal Feirste ar an 26 Aibreán 1821.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad a thuismitheoirí an tOirmhinneach Moses Neilson agus Catherine Welsh. Preispitéirigh a bhí iontu, agus Moses ag freastal ar an bpobal Preispitéireach Gaeilge a bhí san áit ag an am.[3] Maidir leis an mháthair, ba de shliocht John Knox féin í. Bhí an Ghaeilge á labhairt ag uasal agus íseal, ag Gael agus Gall i gceantair Ráth Déamain san am, agus mura raibh sí le cluinstin sa bhaile ag Liam óg, is dócha gur fhoghlaim sé í ó bhunadh na háite.

bóthar i dtreo Ráth Deamáin ar dheis
Ollscoil Ghlaschú

Cibé scéal é, d'iompaigh an Niallach amach ina fhoghlaimeoir maith teangacha, agus é ag tógáil na Laidine go sciobtha. Bhí a athair ag múineadh na dteangacha Clasaiceacha do dhaltaí na háite, ach dealraíonn sé go bhfuair Liam a chuid Laidine ó oide eile, fear arbh ainm dó Pádraig Ó Loingsigh.


Chuaigh Liam Mac Néill ag déanamh staidéir ar dhiagacht agus ar theangacha in Ollscoil Ghlaschú. Ní raibh ach 15 bliain d'aois aige is cosúil. Chaith sé dhá bliain in Ollscoil Ghlaschú agus ní dheachaigh chomh fada le céim ollscoile a bhaint amach. Nuair a tháinig an Niallach ar ais abhaile, chaith sé seal ag cabhrú lena athair ag múinteoireacht,.San am céanna, lean sé leis ag déanamh obair scolártha, agus d'fhoilsigh sé leabhar gramadaí Béarla do scoileanna Chúige Uladh a raibh an-ráchairt air. Bhí sé ag dréachtáil leabhar cleachtaidh d'fhoghlaimeoirí Sean-Ghréigise freisin.

Ministir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an chéad lá is fiche de Mhí na Nollag, 1796, agus 22 bliain d'aois, fuair an Niallach oirniú an Mhinistir, le go bhféadfadh sé freastal ar phobal Preispitéireach Dhún Dealgan. B'í an Ghaeilge teanga na bPreispitéireach áitiúil, agus ministir le Gaeilge de dhíth le haghaidh an phobail seo.

Eaglais Phreispitéireach, Dún Dealgan, tógtha sa bhliain 1839

Thug muintir Dhún Dealgan taithneamh don mhinistir óg, agus rinne sé féin a dhícheall le hoideachas a sholáthar dóibh. Chuir sé tús le scoil d'aos óg Dhún Dealgan, agus é féin ag múinteoireacht ansin. D'fháiltigh sé chuige daltaí ó gach creideamh, agus bhí tábhacht nár bheag lena scoil i stair oideachais na háite.

Sa bhliain 1804, d'fhoilsigh Liam Mac Néill an leabhar Greek Exercises.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tháinig an leabhar cáiliúil úd Introduction to the Irish Language i gcló. Sé an leabhar seo a fhágann go bhfuil cuimhne ar an Niallach inniu.[4],[5] Cé gur fhéach an t-údar leis an gcanúint a sheachaint, d'fhág Gaeilge labhartha Chontae an Dúin an-sliocht ar an teanga a scríobh sé, agus mar sin, is é a ghráiméar Gaeilge an fhoinse eolais is flúirsí dá bhfuil againn inniu ar chaint na ndaoine i gContae an Dúin i dtús na naoú haoise déag.

Sa bhliain 1810, arís, d'fhoilsigh sé téacsleabhar, nó "priméar", Gaeilge.[6]

Acadamh Ríoga na hÉireann

Bhí an-urraim ag a chuid comhscoláirí dó mar shaineolaí ar an litríocht Chlasaiceach. Thabhaigh a obair mar scoláire Sean-Ghréigise an oiread clú dó is go ndearnadh ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann de, agus bhronn a eaglais céim an Mhodhnóra air.

Sa bhliain 1818, d'éirigh an Niallach as oifig an Mhinistir i nDún Dealgan, toisc gur ceapadh é mar Ollamh leis an Litríocht Chlasaiceach in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste. Ní raibh sé daite dó, áfach, mórán dul chun cinn a dhéanamh san obair seo, nó cailleadh é i gceann trí bliana.

D’éag Liam Mac Néill um meán oíche 26-7 Aibreán 1821. Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid. Tá sé curtha i Ráth Deamain.

Institiúid Acadúil Bhéal Feirste (Royal Academical Institute) sa 20ú haois

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Presbyterians and the Irish language Roger Blaney (1996) Ulster Historical Foundation & Ultach Trust ISBN 0-901905-72-0
  • An Ministir Gaelach: Uilliam Mac Néill (1774-1821) Ó Saothraí, S. (1992) Coiscéim, Baile Átha Cliath.[7]
  • Ainm.ie

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "NEILSON, William (1774–1821)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  2. "Ráth Deamáin/Rademan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  3. Séamas Ó Saothraí (1989). "William Neilson DD MRIA (1774-1821)". Journal of the County Louth Archaeological and Historical Society 22 (1): 20–28. doi:10.2307/27729671. ISSN 0070-1327. 
  4. "Orangemen in the past had no problem with the Irish language" (en). www.newsletter.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-27. Dáta rochtana: 2019-04-27.
  5. ‘The most important surviving authority for the Co. Down dialect of Irish’, a thug Séamus Ó Casaide air agus dúirt T.F. Ó Rathile freisin gurbh é an t-údar ba mhó é ar chanúint oirdheisceart Uladh. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1133
  6. An tAthair Benedicht, Athair Colmcille (1962). "Léirmheasta Leabhar: Amharc ar leabhar na salm". Comhar 21 (4): 26. doi:10.2307/20551239. ISSN 0010-2369. 
  7. "Coiscéim 1992 Leabhair Gaeilge". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.