Jump to content

Leictreon dílogánaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beinséin, le dílogánú na leictreon léirithe ag an gciorcal.

Sa cheimic, is éard is leictreon dílogánaithe ann ná leictreon i móilín, ianmiotal soladach nach bhfuil baint aige le hadamh aonair ná le nasc comhfhiúsach.[1] Is téarma ginearálta é dílogánú agus is féidir go bhfuil bríonna beagán difriúil leis i réimsí éagsúla. Sa cheimic orgánach, tagraíonn sé seo d'athshondas i gcórais chomhchuingithe agus i gcomhdhúile aramatacha. I bhfisic sholadstaide, tagraíonn sé seo do shaorleictreoin a éascaíonn seoladh leictreach. Sa cheimic chandamach, tagraíonn sé seo do leictreoin fhithiseacha mhóilíneacha a shíneann thar roinnt adamh cóngarach.

  1. IUPAC Gold Book delocalization