Leathanach gréasáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinLeathanach gréasáin
Cuid desuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is leathanach gréasáin ann ná leathanach eolais gur féidir a léiriú ar an nGréasán Domhanda trí bhrabhsálaí gréasáin. Bíonn an t-eolas seo stóráilte i bhfoirm cód téacs atá marcáilte (ar nós HTMLXHTML) agus go hiondúil nascann sé le leathanaigh gréasáin eile trí hipirnaisc.

Is féidir leathanaigh gréasáin a stóráil ar ríomhaire logánta nó go cianda ar fhreastalaí gréasáin. D'fhéadfadh an freastalaí gréasáin na leathanaigh a shrianadh taobh istigh de líonra príobháideach (m.sh., inlíon corporáideach) nó d'fhéadfadh sé iad a chur ar fáil ar an nGréasán Domhanda.

Bíonn láithreán gréasáin comhdhéanta de méid áirithe leathanaigh gréasáin. Is féidir le leathanach gréasáin a bheith dinimiciúil – athraíonn sé de réir mar a bhíonn úsáideoirí éagsúla ag plé leis – cuardach ar Google, mar shampla. Bíonn leathanaigh eile statach – ní athraíonn siad ó chuairt go cuairt – mura n-athraíonn úinéir an leathanaigh an t-ábhar atá ann. Is minic go mbíonn láithreáin ghréasáin comhdhéanta de leathanaigh dinimiciúla agus leathanaigh statacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]