Hipearnasc
Cuma
| Cineál | cineál sonraí agus aonán saorga |
|---|---|
| Cuid de | cáipéis leictreonach, hipirtéacs agus caighdeán teicniúil |
| Tuilleadh eolais | |
| Stack Exchange | Nasc |
| Treoir úsáideora | Guia d'usuari |
|
| |

Is éard is hipearnasc (nó nasc) ann ná tagairt ar leathanach gréasáin do phíosa eolais eile. Nuair a chliceáiltear ar hipearnasc, osclaítear an píosa eolais eile i bhfuinneog nua nó thar an leathanach a bhí á léamh agat.
Déanann hipearnasc tagairt don URL don phíosa eolais sin. Go hiondúil léirítear hipearnasc i mbealach ar leith ar an leathanach gréasáin ionas go n-aithneoidh an léitheoir gur hipearnasc atá ann.
Mar shampla, cuirtear líne faoi fhocal nó úsáidtear dath nó pictiúr ar leith. Is minic a bhíonn roghchlár ag láithreán gréasáin in áit faoi leith ar gach leathanach ionas go mbeidh sé éasca ag an úsáideoir nascleanúint a dhéanamh tríd an láithreán.
Go hiondúil, léirítear hipearnasc ar an Vicipéid le cló gorm (gan líne faoi).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |