Láithreán Gréasáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Láithreán gréasáin)
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinLáithreán Gréasáin
Inneall bogearrafreastalaí Gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dean Gréasán Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
CruthaitheoirTim Berners-Lee Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís1990 Cuir in eagar ar Wikidata

Séard is láithreán nó suíomh Gréasáin ann ná bailiúchán leathanach gréasáin atá curtha i dtoll a chéile faoi ainm fearainn áirithe ar an nGréasán Domhanda. Bíonn na leathanaigh scríofa mar théacschód marcáilte (ar nós HTML nó XHTML) agus iad nasctha go hiondúil le leathanaigh eile taobh istigh nó taobh amuigh den láithreán. Ní féidir breathnú ar láithreán gan cheangal Idirlín agus brabhsálaí. Coinnítear láithreáin ghréasáin ar fhreastalaithe Gréasáin agus déantar rochtain orthu tríd an bprótacal HTTP.

Cineálacha láithreán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart láithreán ar an nGréasán Domhanda, cuid acu beag (cúpla leathanach) agus cuid eile mór (na mílte leathanach). Is féidir leis na leathanaigh a bheith dinimiciúil agus iad ag athrú de réir úsáide – cuardach ar Google, mar shampla. Bíonn leathanaigh eile statach: ní athraíonn siad ó chuairt go cuairt, mura n-athraíonn úinéir an leathanaigh an t-ábhar atá ann. Is minic láithreáin déanta de leathanaigh dinimiciúla agus leathanaigh statacha araon.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]