Prótacal Aistrithe Hipirtéacs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó HTTP)
Prótacal Aistrithe Hipirtéacs

Cineálcomputer network protocol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunleagan1989
Leagan bogearraí
3 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deTCP/IP agus an Gréasán Domhanda
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinhttpwg.org… (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard é an Prótacal Aistrithe Hipirtéacs (as Béarla, HyperText Transfer Protocol, nó HTTP) ná an modh is tábhachtaí a úsáidtear chun faisnéis a iompar ar an nGréasán Domhanda. Prótacal cumarsáide atá ann a cuireadh chun cinn le haghaidh ailtireacht chliaint/freastalaí a chur i bhfeidhm, agus úsáidtear é chun leathanaigh HTML, íomhánna, stílbhileoga cascáideacha (CSS) agus ábhair eile a aistriú idir freastalaithe HTTP agus brabhsálaithe Gréasáin, agus duine ag tabhairt cuairte ar shuíomh Idirlín.

Déanann RFC 2616 cur síos ar an bprótacal HTTP (leagan 1.1 an leagan reatha). Déanann RFC 2818 cur síos ar an bprótacal HTTPS. Is leagan criptithe de HTTP é HTTPS, a úsáideann SSL.

Seolann an cliant (don chuid is mó brabhsálaí Idirlín) iarratas don freastalaí ag iarraidh acmhainne. Seolann an freastalaí freagra ar ais.

Sampla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na ceannteidil seo a leanas simplithe go mór ionas go mbeifear in ann an oibríocht a thuiscint, ach is féidir i bhfad níos mó eolais a sheoladh don chliant nó don fhreastalaí.

Seolann an cliant:

GET /index.html HTTP/1.1

Séard is brí leis seo ná : Tabhair dom inneachar an leathanaigh index.html ag bun do fhreastalaí agus a fhios agat go bhfuilim ag labhairt as HTTP 1.1.

Seolann an freastalaí an méid seo ar ais :

HTTP/1.1 200 OK
Date: Sun, 05 Nov 2000 20:24:23 GMT
Server: Apache/1.3.14 (Unix) PHP/4.0.3
Last-Modified: Sat, 03 Jun 2000 07:12:12 GMT
Content-Length: 3069
Content-Type: text/html

<html>
  [...]
</html>

Séard is brí leis seo ná : Fuair mé d'iarratas, is freastalaí den saghas <Server> mé, inniu an <Date> agus is é an t-am deireanach ina rinneadh athrú don leathanach seo ná <Last-Modified>. Is é fad inneachair an leathanaigh ná <Content-Length> ochtréad agus is den saghas <Content-Type>. Seo an t-inneachar: <?xml version="1.0" ...

Modhanna iarratais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann HTTP sainmhíniú ar ocht modh (nó briathra mar a thugtar orthu uaireanta) ag cur in iúl an t-aicsean is mian a dhéanamh ar an acmhainn aitheanta. Is iad seo na modhanna iarratais de réir na sonraíochta RFC 2616:

GET
Iarrtar ar léiriúchán den acmhainn sainithe, an modh is mó in úsáid ar an nGréasán inniu.
PUT
POST
Seoltar sonraí le haghaidh próiseála
HEAD
DELETE
OPTIONS
TRACE
CONNECT

Leaganacha HTTP[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eascair leaganacha prótacail comhoiriúnacha go siarghabhálach, don chuid is mó, as HTTP. Déanann RFC 2145 cur síos ar úsáid uimhreacha leagain HTTP. Insíonn an cliant cén leagan atá á húsáid aige ag tús an iarratais agus baineann an freastalaí úsáid as an gceann céanna nó leagan níos luaithe sa fhreagairt.

  • 0.9
    • Leagan lochtach. Tacaíonn sé le hordú amháin, GET — nach sonraíonn an leagan HTTP. Ní thacaíonn sé le ceanntásca. Ós rud é nach dtacaíonn an leagan seo le POST, ní féidir leis an gcliant mórán sonraí a sheoladh don fhreastalaí.
  • HTTP/1.0 (Bealtaine 1996)
    • Seo an chéad leasú prótacail a shonraínn a leagan i gcumarsáid agus atá i bhfeidhm go leathan fós, go háirithe ag seachfhreastalaithe.
  • HTTP/1.1 (Meitheamh 1999)
    • Is é Eanáir 1997 an chéad dáta eisithe de shonraíocht HTTP/1.1. Is é seo an leagan reatha.
  • HTTP/1.2
    • Sa bhliain 1995 ullmhaíodh na dréachtaí oibre tosaigh den cháipéis PEP — an Extension Mechanism for HTTP (a mhol an Protocol Extension Protocol, faoin acrainm PEP) ag Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda agus cuireadh iad faoi bhráid Tascfhórsa Innealtóireachta an Idirlín. Bhí sé ar intinn ag na dearthóirí PEP a bheith ina shainghné de HTTP/1.2 ach i ndréachtaí oibre níos déanaí, baineadh an tagairt do HTTP/1.2 amach. Chomhchuimsigh an RFC trialach 2774, HTTP Extension Framework PEP don chuid is mó agus foilsíodh i bhFeabhra 2000 é.

Códanna Stádais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúig shaghas cóid sa fhreagairt ann:

  1. 1xx Eolas
  2. 2xx Rath
  3. 3xx Atreorú
  4. 4xx Earráid Chliant
  5. 5xx Earráid Fhreastalaí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]