Hipirtéacs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is modh i ríomhaireacht é hipirtéacs le haghaidh cáipéisí a chur ar fáil agus nascanna agus cros-tagairtí a chruthú eatarthu. Ba é bunú an Idirghréasáin Domhanda ag Tim Berners-Lee, a bhí ag obair mar eolaí i CERN, i 1990, an chéad úsáid chóras hipirtéacs a bhain clú amach i mbéal an phobail.

Úsáidtear an modh seo i gcaighdeáin an Idirlín, is é sin Teanga Mharcála Hipirtéacs nó HTML agus Prótacal Aistrithe Hipirtéacs nó HTTP.